Sliocht Óglaigh na Bliana 1916 á Lorg le haghaidh Tionscadal Ceoil Thraidisiúnta
 |
Tabharfar an ensemble nuabhunaithe le chéile den chéad uair riamh chun bailiúchán ceoil óna stór reatha féin a chur le chéile agus chun taighde a dhéanamh ar fhoinn agus amhráin ó 1916 agus iad a thaibhiú ag sraith ceolchoirmeacha a bheidh ar siúl in ionaid ar fud na tíre le linn na bliana 2016. Bhí an ceol, an amhránaíocht agus an damhsa ríthábhachtach dóibh siúd a bhí páirteach san Éirí Amach agus tá flúirse cuntas ann ina dtugtar sonraí faoi na hamhráin agus faoin gceol a rinne na fir agus na mná a chanadh agus a sheinm le linn na tréimhse. Tá sé cloiste againn go raibh seisiún canta ag na hÓglaigh i bhFine Gall chun an t-am a chur isteach roimh an ionsaí ar Dhún Chonstáblacht Ríoga na hÉireann i gCill Dhéagláin, Co. na Mí. Chomh maith leis sin, faighimid léargas ar an saol i bpríosún Frongoch in amhráin fhéinscríofa de chuid Sheáin Etchingham. Tharla sé gur iarr Carmanach eile, John Coady as Inis Córthaidh, go seolfaí a phíb mhála chuige i bpríosún Frongoch sa Bhreatain Bheag ionas go bhféadfadh sé na príosúnaigh eile a threorú le linn máirseálacha sa phríosún. Is iomaí cuntas atá againn faoi láthair, ach is iomaí scéal freisin gan insint agus nasc nach bhfuiltear ar an eolas faoi. Má tá tú ag iarraidh tuilleadh faisnéise a fháil nó tú féin nó duine eile a mholadh, déan teagmháil le Michael ar 087 6470247 faoi Dé hAoine, an 9 Deireadh Fómhair. Mar mhalairt air sin, is féidir leat ríomhphost a chur chuige ag micfortune@gmail.com nó tuilleadh faisnéise a fháil ag www.childrenoftherevolution.ie
 |
|