Seoladh Clár Cónaitheachta na Comhairle Ealaíon - Scéim um Thionscnaimh Chónaitheachta Idirnáisiúnta
 |
Is é aidhm na scéime tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí ealaíon chun scéimeanna cónaitheachta éagsúla atá bainteach le comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí atá lonnaithe thar lear a éascú, rud lena gcruthaítear creat tacúil don tsoghluaisteacht idirnáisiúnta agus d’fhorbairt ghairmiúil ealaíontóirí agus cleachtóirí ealaíne. Cé nach mór do na creataí seo a bheith dírithe go heisiach ar thionscnaimh chónaitheachta a sheachadadh a ghabhfaidh chun tairbhe ealaíontóirí agus an phobail, fágann na cineálacha tograí go mbeifear in ann freagairt go solúbtha do riachtanais ar leith gach comhpháirtíochta, foirme ealaíne agus spriocanna ealaíonta.
Tá an scéim oscailte dóibh siúd in eagraíochtaí gairmiúla atá ag obair i ngach foirm agus cleachtas ealaíne.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo, agus beidh treoirlínte ar fáil ó mhí Feabhra 2022.
Téigh i dteagmháil le Evelyn O’Keeffe, An tOifigeach Ealaíon Idirnáisiúnta chun tuilleadh eolais a fháil - evelyn.okeeffe@artscouncil.ie
|