Comhpháirtíocht idir an Chomhairle Ealaíon agus Máistreacht in Ealaíona Féile (Ollscoil Luimnigh)
Tugann an Chomhairle Ealaíon cuntas ina plean trí bliana 2020-22 ar ghníomh chun beartas nua comhshaoil agus inbhuanaitheachta a fhorbairt. Ag teacht leis an tiomantas sin seolfar a ‘gníomhartha don chomhdháil ghlas’ ag comhdháil fhéile Change Makers ina gcuimsítear ábhair a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil, ag úsáid díoltóirí áitiúla chun tionchair chomhshaoil a laghdú agus gairm chun gnímh do thoscairí chun iompar poiblí/carr-roinnt a úsáid. Tiocfar ar réitigh chruthaitheacha chun na gníomhartha sin a bhaint amach, lena n-áirítear cláir chomhdhála digití a tháirgeadh agus ábhair chomhdhála a laghdú. Leis an aidhm sin ar intinn againn táimid ag iarraidh ar thoscairí a láinnéir féin agus a ‘málaí gualainne’ féin a thabhairt isteach agus le hathúsáid agus aidhm as an nua a thabhairt do na hábhair sin le haghaidh an lae i Luimneach.
Beidh an chomhdháil Change Makers ar siúl ar an Aoine, an 14 Feabhra 2020 idir 10rn-5in ag an Acadamh Domhanda, Ollscoil Luimnigh, i gcomhpháirt leis an Máistreacht in Ealaíona Féile. Is í an chomhdháil an chéad cheann dá leithéid a iarrfaidh ar earnáil na bhféilte ealaíon agus ar pháirtithe leasmhara bailiú le chéile chun an tionchar agus an luach a bhíonn ag tionscadail féilte a phlé ach pléifear freisin na comhordanáidí le haghaidh gníomhartha chun féilte a choimeád ag imeacht agus a fheabhsú in Éirinn.
Áireofar leis an lá: príomhaitheasc leis an déantóir féilte, Jude Kelly CBE, Bunaitheoir Fhéile Women of the World (WOW) agus iar-stiúrthóir Southbank Centre London, pléphainéal ar chumhacht chlaochlaithe na bhféilte, seisiúin faisnéise d’fhéilte ar réimsí cleachtais féilte mar aon le tob-chlinicí agus lón líonraithe.
Beidh deis speisialta agus fiúntach ag féilte ealaíon teacht le chéile ag an gcomhdháil agus foghlaim óna chéile agus scileanna agus eolas a roinnt le chéile.
Tá tuilleadh eolais maidir le clár na comhdhála Change Makers ar fáil anseo mar aon le sonraí ar conas ticéid a cheannach ó oifig ticéad na comhdhála.