Tá sé beagán le cois bliana ó sheolamar Beartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (CCDÉ) na Comhairle Ealaíon ag an gcomhdháil ‘Places Matter’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sraith uaillmhianach gníomhartha agus spriocanna leagtha amach dúinn sa bheartas CCDÉ lena chinntiú go mbíonn an Chomhairle Ealaíon agus earnáil na n-ealaíon níos inrochtana d’Éirinn agus a héagsúlacht ar fad agus go ndéanann siad ionadaíocht orthu. Tá sé iontach agus fuinniúil a bheith ag smaoineamh ar Éirinn nua-aimseartha a léiriú sna healaíona.
Bliain níos deireanaí, tá tréimhse dhúshlánach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana romhainn, agus muid ag iarraidh ár mbealach a dhéanamh sa domhan timpeall orainn atá ag athrú. Anois, níos mó ná riamh, tá tábhacht le ceisteanna comhionannais, cuimsithe agus rochtana.
Tá mise agus Bord agus Feidhmeannacht na Comhairle Ealaíon tiomanta don bheartas CCDÉ a chur ar aghaidh, agus cinnteoimid go bhfuil sé chun tosaigh inár dtreochlár chun téarnaimh. Tá a fhios againn go mbeidh iarmhairtí ag géarchéim Covid-19 ar gach duine, ach beidh tionchar díréireach ar na healaíona agus, go háirithe, orthu siúd a bhfuil neamhionannas ag cur as dóibh cheana. Ní mór dúinn a chinntiú nach bhfuil a thuilleadh míbhuntáiste curtha ar na daoine sin atá imeallaithe faoi láthair.
Mar a tuairiscíodh inár nuachtlitir i mí Eanáir, tá plean gnímh an bheartais á fhorfheidhmiú ar bhonn leanúnach ag ár mBainisteoir Forbartha Straitéisí, Monica Corcoran, le tacaíocht ón gCeannaire Tionscadail, Olwen Dawe. Tá Monica agus Olwen ag obair ar phlean gnímh an Bheartais CCDÉ a athbhreithniú lena chinntiú gur féidir dul chun cinn go fóill ar bhonn tráthúil le gnéithe den phlean a bhfuil srian curtha orthu de bharr shrianta Covid-19. Táimid dóchasach gur féidir go leor a bhaint amach go fóill, fiú sa chomhthéacs dúshlánach seo.
An mhí seo caite, d’eisíomar ár gcéad tuarascáil sonraí, ina leagtar amach na hiarratais agus na faighteoirí aonair in 2019, de réir inscne. Is ionann an cóimheas iarratais foriomlán agus 61:39 Baineann:Fireann. Ach bhí difear le feiceáil anseo sna foirmeacha ealaíne éagsúla, mar aon leis na méideanna a iarradh. Mar sin féin, bhí áthas orainn a fheiceáil go raibh na faighteoirí i ngach dámhachtain ionann go ginearálta leis an leibhéal iarratais de réir inscne. Tá an tuarascáil iomlán le fáil le léamh anseo agus fáiltímid roimh aon cheisteanna nó aiseolas.
Tá an próiseas bailithe sonraí seo á leathnú ar bhonn leanúnach, agus tabharfar tuilleadh léargais i dtuarascálacha amach anseo ar an éagsúlacht i ngach clár agus deontas. Tabharfar miondealú trédhearcach leis sin ar an leibhéal rannpháirtíochta síos trí thacaíochtaí na Comhairle Ealaíon, agus cinnteofar freisin go gcoinneoimid taifead ar ár ndul chun cinn. Beidh ár gcéad tuarascáil eile á heisiúint san fhómhar, agus áireofar inti sonraí maidir le hinscne, eitneachas agus míchumas i ndáil lenár n-iarrthóirí dámhachtana aonair.
Le déanaí, tá an t-úrscéal is deireanaí le Elizabeth Strout, Olive, Again léite ag go leor daoine. Bhí mé gafa go speisialta ag líne san úrscéal ó Olive nuair a bhuail sí lena cúramóir nua Halima. ‘Tell me what it’s like to be you,’ a d’iarr sí ar a comrádaí nua. Beidh sé seo i gcroílár roinnt fócasghrúpaí comhairliúcháin d'ealaíontóirí ó chúlraí éagsúla a reáchtálfaimid le linn an tsamhraidh, ar ardáin ar líne. Caithfimid eolas agus tuiscint a fháil ar éagsúlacht iomlán na taithí a bhaineann le bheith i do chónaí in Éirinn inniu agus é sin a léiriú. Cuirfear tuilleadh sonraí amach in am trátha trínár suíomh gréasáin, agus idir an dá linn, beidh áthas orainn léirithe suime a fháil. Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh ann, comhlánaigh an fhoirmseo.
Forbraíodh ár mBeartas CCDÉ mar cháipéis bheo; is mian linn agus teastaíonn uainn go roinnfeadh daoine an turas seo linn. Táimid sásta i gcónaí smaointe nua a chloisteáil, go háirithe ó dhaoine nár labhair muid leo cheana. Más mian leat plé a dhéanamh linn, téigh i dteagmháil le Monica Corcoran nó Olwen Dawe trí ríomhphost (monica.corcoran@artscouncil.ie / olwen.dawe@artscouncil.ie) nó ag 01 6180200. Idir an dá linn, fan sábháilte agus slán agus go raibh maith agat as cabhrú linn ár gcuid oibre sa réimse seo a fhorbairt.
Arna cheapadh d’fhéilte ar scála beag go meánscála, beidh dhá fhóram plé ar líne á bhforbairt ag an gComhairle Ealaíon ina dtabharfaidh siad deis chun eolas a roinnt agus plé a dhéanamh ar fhiúntais, dúshláin, deiseanna agus srianta roimh fhéile agus clár á bpleanáil acu do spásanna poiblí athchumraithe agus comhroinnt ealaíon ar líne a fhiosrú. Cé na réitigh chruthaitheacha atá ann d’fhéilte chun an chaoi a dtéann an pobal i ngleic leis na healaíona a athshamhlú?
Tugann Making Tracks ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn le chéile ón Ríocht Aontaithe agus ó gach cearn den domhan chun ceol éagsúil a thaispeáint, tús a chur le comhshaothair nua agus straitéisí a fhiosrú do rannpháirtíocht timpeallachta bunaithe ar cheol.
Tacaíonn an Ciste um Chultúr Dlúthpháirtíochta na hEorpa le tionscnaimh chultúrtha shamhlaíocha a atreisíonn dlúthpháirtíocht na hEorpa agus an nóisean den Eoraip mar spás poiblí comhroinnte, i lár ghéarchéim na paindéime domhanda.
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an chéad cheann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) d’fhéilte a bheidh ar siúl idir Eanáir agus Meitheamh 2021.
Tá iarratais á lorg faoi láthair ag Foras Ailtireachta na hÉireann ó iar-bhunscoileanna dá gclár Ailtirí i Scoileanna do 2020/21. Sa tionscnamh seo, cuirtear ailtirí agus céimithe ailtireachta i scoileanna ar fud na hÉireann.
Is mian le Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach, mar Phríomhpháirtí Chomhpháirtíocht Oideachais Ceoil Áitiúil Chill Chainnigh, Riarthóir a fhostú chun cabhrú le hOifigeach Forbartha Music Generation le heagrú, cur chun cinn agus reáchtáil agus soláthar ginearálta chláir oideachais an taibhithe ceoil de chuid Music Generation i gCill Chainnigh.
Tá Ealaín na Gaeltachta Teo. ag lorg coimeádaí le comhordú a dhéanamh ar thaispeántas sna físealaíona Gaeltachta – taispeántas ar ardchaighdeán ag ceiliúradh na bhfísealaíon Gaeltachta le ceathracha bliain anuas.
Tá síneadh curtha ag Scoileanna Ildánacha leis an spriocdháta do scoileanna/ionaid le hiarratais a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2020.
De bharr dhúnadh na scoileanna fanfaidh iarratais ar Scoileanna Ildánacha 2020 oscailte go dtí an spriocdháta nua ag 17:30, Déardaoin, 25 Meitheamh 2020.
Tá tacaíocht ar líne á forbairt ag foireann Scoileanna Ildánacha d’fhoghlaimeoirí agus dá dteaghlaigh fad is a bhíonn scoileanna dúnta.
Tabharfaidh CSTV saothar ár gComhlach Cruthaitheach díreach isteach in áiteanna cónaithe fad is a bhíonn freastal ar ár scoileanna teoranta mar gheall ar chás leanúnach COVID-19.