Tá na foirmeacha iarratais agus na treoirlínte le haghaidh Tacaíocht do Thionscadail Aistriúcháin Liteartha ar fáil ar líne anois
 |
Tá an snáithe maoinithe seo ar oscailt d’fhoilsitheoirí agus do chuideachtaí foilsitheoireachta chun iarratas a dhéanamh ar chómhaoiniú chun saothar ficsin liteartha a aistriú, a fhoilsiú agus a chur chun cinn ó theangacha incháilithe go teangacha incháilithe eile. Tá dhá shraith maoiniúcháin ann: Is le haghaidh tionscadal dhá bhliain í Catagóir 1 chun tacú le 3-10 saothar agus is le haghaidh comhaontú trí bliana í Catagóir 2 chun tacú le 3-10 saothar in aghaidh na bliana.
Is féidir na treoirlínte agus na foirmeacha iarratais a íoslódáil anseo.
Is é an aidhm atá le tacaíocht an AE don aistriúchán liteartha ná cur leis an eolas atá ag daoine ar litríocht agus ar oidhreacht liteartha mhuintir na hEorpa. Tá iarratais ó fhoilsitheoirí aonair agus ó chuideachtaí foilsitheoireachta chun bailiúcháin ficsin a aistriú ó theanga Eorpach amháin go teanga eile incháilithe faoin scéim seo. Spreagtar go háirithe leabhair ar éirigh lena gcuid údair EUPL (Duais an AE don Litríocht) a bhaint amach a aistriú agus a chur chun cinn. Léigh tuilleadh anseo.
Má bhíonn ceist ar bith agat, téigh i dteagmháil leis an Oifig Cultúir ag cedculture@artscouncil.ie
 |
|