Tairiscint do Sholáthar Seirbhísí Comhairleacha Rannpháirtíochta sna hEalaíona don Chomhairle Ealaíon
 |
Is mian leis an gComhairle Ealaíon seirbhísí Comhairleoir Rannpháirtíochta sna hEalaíona a fháil chun riachtanais na heagraíochta a shásamh ó thaobh cáilíocht agus seachadadh seirbhíse araon.
Is cleachtóirí a bhfuil taithí acu a bheidh sna tairgeoirí a n-éireoidh leo, agus beidh an saineolas agus an taithí riachtanach acu le hoibriú le foireann na Comhairle Ealaíon trí chuidiú le meastóireacht agus measúnú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú, trí chomhairle chriticiúil a sholáthar ar shaothair ealaíne agus trí chomhairle a thabhairt i ndáil le beartas i leith foirmeacha ealaíne, de réir mar is gá.
Déantar iarratas ar an gconradh seo go heisiach trí phróiseas tairisceana poiblí a chuirfear ar fáil tríd an suíomh gréasáin soláthair eTenders ar: https://irl.eu-supply.com/app/rfq/publicpurchase_frameset.asp?PID=137727&B=ETENDERS_SIMPLE&PS=1&PP=ctm/Supplier/publictenders.
Is é an spriocdháta le haghaidh tairiscintí an 12 Nollaig 2018 ag a 12 meán lae.
Ba cheart aon cheist i dtaobh ceann ar bith de na conarthaí sin a chur de réir mar a leagtar amach sna fógraí tairisceana, agus níor cheart iad a chur chuig an gComhairle Ealaíon.
 |
|