Fóram do Léiritheoirí Litríochta
 |
An mbíonn imeachtaí nó tionscadail litríochta á gclárú, á léiriú nó á dtaibhiú agat
? Má bhíonn, tá an Fóram seo an-oiriúnach duit. Is é aidhm an lae:
- bealaí inar féidir cur le huaillmhian agus cáilíocht imeachtaí, clár agus camchuairteanna litríochta,
- breathnú ar an ról atá ag an gcomhoibriú trasealaíne,
- fáil amach cad a theastaíonn ó luchtanna féachana agus ionaid tionóil,
- dea-chleachtas i leith forbairt lucht féachana a shainaithint,
- comhpháirtíochtaí féideartha idir ealaíontóirí, léiritheoirí, ionaid tionóil agus féilte a aithint,
- gach foinse maoinithe féideartha a aithint i gcomhair tionscadail agus léirithe nua.
Tá an fóram seo mar chuid d’iarracht níos leithne cultúr níos fearr de léiriú litríochta a chothú in Éirinn de réir mar a chuirtear tuilleadh deiseanna, bealaí, ionaid tionóil agus maoinithe ar fáil do stiúrthóirí cruthaitheacha agus do léiritheoirí. Is cuma más scríbhneoir, foilsitheoir, stiúrthóir féile, léiritheoir imeachtaí, maoinitheoir, leabharlannaí ná riarthóir ealaíon thú, is cinnte go mbeidh ábhar spéise san fhóram seo duit.
10.30 am–5.00 pm + imeacht @ 6.00 pm Mirrors | Déardaoin, 23 Bealtaine | Scabhat Smock, Baile Átha Cliath
Tuilleadh Faisnéise agus áirithintí Anseo
 |
|