An chéad spriocdháta eile do Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis – 5.30pm, Déardaoin an 9 Aibreán 2015
 |
Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis na Comhairle Ealaíon ná Déardaoin an 9 Aibreán 2015 ar 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ón Máirt an 10 Márta 2015 ar aghaidh. Is é cuspóir Dhámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis tacaíocht a thabhairt do thionscadail taifeadta sna healaíona traidisiúnta, nó do thionscadail taifeadta ina mbeidh lucht na n-ealaíon traidisiúnta ag saothrú i gcomhar le lucht foirmeacha eile ealaíne agus do thionscadail atá bunaithe ar shaothar a fhoilsiú amhail ábhair teagaisc, bailiúcháin fonn agus saothar léirmheastóireachta atá ag teacht le beartas na Comhairle Ealaíon i leith na n-ealaíon traidisiúnta.
Tabharfar tús áite do thionscadail lena léirítear: - Aird ar chaighdeán ealaíonta
- Nuálaíocht
- Tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta.
Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, d’ensemble agus d’eagraíochtaí Tá Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis foilsithe sa rannán maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin. Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór don iarratasóir a bheith cláraithe leis na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh.
 |
|