Fógrófar deiseanna le haghaidh Comhlaigh Chruthaitheacha oibriú i gcomhar le tionscnamh na Scoileanna Ildánacha ar chuntais mheán sóisialta na Comhairle Ealaíon sna seachtainí amach romhainn.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag féachaint le dul i mbun oibre le ceathrar Comhlach Cruthaitheacha, le taithí ábhartha, chun tacú le tionscadal píolótach a chur i gcrích do chohórt scoileanna i dtimpeallachtaí malartacha ó fhómhar 2022 ar feadh dhá bhliain.
Tacaíonn tionscnamh na Scoileanna Ildánacha le scoileanna na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga. Díreoidh an tionscadal píolótach seo ar scoileanna a bhfuil cineálacha ar leith comhthéacsanna oideachais acu nár ghlac páirt go fóill i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha.
Sna míonna amach romhainn, beidh deiseanna eile ann do mhúinteoirí, ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus daoine aonair atá ag obair in eagraíochtaí in earnáil na n-ealaíon agus san earnáil chultúrtha a bheith páirteach i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha mar Chomhlach Cruthaitheach. Coinnigh súil ar ár gcuntais ar na meáin shóisialta!
Tionscnamh suaitheanta is ea Scoileanna Ildánacha den chlár Éire Ildánach chun cumas na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.