Tá tograí tarraingteachta, uaillmhianacha agus spreagúla á lorg ag Cultúr Éireann agus ag an gComhairle Ealaíon chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an taispeántas ailtireachta is tábhachtaí ar domhan.
Is taispeántas náisiúnta na hÉireann é Éire sa Veinéis. Tá sé faoi stiúir Chultúr Éireann i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.
Tá Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon tiomanta do rannpháirtíocht na hÉireann sa Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta sa Veinéis, agus é mar aidhm acu níos mó deiseanna a chur ar fáil d’ailtirí agus d’ailtireacht na hÉireann go hidirnáisiúnta agus clú agus cáil na n-ailtirí a chur chun tosaigh.
Ní hamháin gur ardán domhanda i gcomhair ailtireacht na hÉireann é an Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta sa Veinéis, ach tugann sé deis d’ailtirí freisin dul i ngleic le lucht féachana idirnáisiúnta éagsúil, cur agus cúiteamh a chruthú agus tionchar a imirt ar threochtaí ailtireachta amach anseo.
Más spéis leat a bheith i d’ionadaí ar Éirinn ag an 17ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta sa Veinéis in 2020, cuir togra isteach chuig Cultúr Éireann faoi mheán-lae, Dé Luain, 15 Aibreán 2019.
Tá tuilleadh eolais maidir le riachtanais na n-aighneachtaí ar fáil ag an nasc seo a leanas:
https://www.cultureireland.ie/downloads-public/Venice_Biennale_2020_-_Call_for_Expressions_of_Interest.pdf