An Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2015
 |
Beifear in ann iarratas a dhéanamh ar an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna 2015 ón 20 Samhain 2014 ar aghaidh. Glactar le hiarratais ar bhonn leanúnach. Ní mór d’iarratasóirí atá ag lorg tacaíochta le haghaidh cúrsaí foirmiúla (cúrsa iarchéime nó cúrsa eile ar comhchéim leis) agus le haghaidh deiseanna incháilithe eile a n-iarratas a chur isteach sé seachtaine ar a laghad roimh an dáta taistil. Cuirtear in iúl duit nach féidir leis an gComhairle Ealaíon ráthaíocht a thabhairt go measfar iarratais a fhaightear níos lú ná sé seachtaine roimh thús cúrsa nó cláir oibre. Beidh maoiniú ar fáil sna foirmeacha ealaíne seo a leanas: Ailtireacht, Rannpháirtíocht sna hEalaíona, Sorcas, Damhsa, Ceol, Ceoldrámaíocht, na Sráidealaíona agus Seónna, Amharclannaíocht, Ionaid, na Físealaíona, agus Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas.
Tabhair faoi deara go an Amharclannaíocht, á tabhairt isteach an athuair do 2015, leis an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna.
Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon chun tuilleadh eolais a fháil: anseo.
 |
|