Belltable: Sraith Máistir-ranganna Connect Mask and Clown, a bheidh faoi stiúir Simon Thompson
 |
Máistir-rang 6 - MASK AND CLOWN: UIRLISÍ CHUN FISICIÚLACHT AGUS EISPÉIREAS I BPÁIRT A FHORBAIRT SA TAIBHLÉIRIÚ
Arna stiúradh ag Simon Thompson
Beidh an tSraith Máistir-Ranganna ar siúl sa chéad leath de 2018 agus is deis í chun an lucht déanta amharclannaíochta a mhealladh agus a spreagadh lena gcuid scileanna a fheabhsú agus a fhorbairt i Luimneach. Clár 6 mhí atá i gceist ina gcuirfear réimse beoga fuinniúil de dhian-mháistir-ranganna ar fáil do na rannpháirtithe. Beidh compántais amharclannaíochta agus lucht déanta amharclannaíochta, idir Éireannach agus idirnáisiúnta, i mbun na máistir-ranganna. Beidh deichniúr ealaíontóirí gairmiúla, atá bunaithe in Éirinn, i ngach máistir-rang. Díreofar ar ghné éagsúil i ngach rang.
Don séú máistir-rang, an rang deireanach, fearaimid na múrtha fáilte roimh Simon Thompson. Beidh an máistir-rang ar siúl ó Dé Luain an 11 Meitheamh go dtí Dé hAoine an 15 Meitheamh 2018, ó 10am go dtí 4pm, ag Ionad Ealaíon Belltable (69 Sráid Uí Chonaill, Cathair Luimnigh). Glacfar le hiarratais go dtí 12 meán lae, an 11 Bealtaine 2018.
Gheobhaidh na hiarratasóirí rathúla stipinn chun cuidiú leo a gcostais a chumhdach.
Féadtar tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil ar: http://belltableconnect.ie/masterclass-6/
 |
|