Is é an 4 Nollaig an spriocdháta don Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i gcomhair camchuairteanna ó Iúil go Nollaig 2015. Tá an spriocdháta don snáithe Réamhphleanála don scéim seo mar a chéile leis an spriocdháta le haghaidh turas ó Eanáir go Nollaig 2016.
Mar aon le babhtaí roimhe seo den scéim, chomhaontaíomar lenár gcomhghleacaithe i gComhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann é a dhéanamh níos éasca dul ar camchuairt trasna na teorann. Fágann sé sin gur féidir dátaí i gceachtar dlínse a lua sna hiarratais ón Tuaisceart agus ón Deisceart agus má éiríonn leis an iarratas, tabharfaimid tacaíocht do gach céim den chamchuairt.
Spreagadh é seo do chompántais agus d’ionaid comhoibriú lena chéile sa dá dhlínse ionas go bhfeicfear saothar den scoth ar fud an oileáin ar fad. Ó tugadh isteach í sa bhliain 2010, tá na scéimeanna Camchuairte bunaithe ar phrionsabal an chomhoibrithe idir na daoine a léiríonn saothar agus na daoine a chuireann saothar i láthair don lucht féachana/éisteachta. Mar sin de, tá súil againn go neartóidh comhoibriú an dá Chomhairle Ealaíon ina leith sin an ceangal idir ealaíontóirí sa dá dhlínse.
I gcomhair sonraí ginearálta ar an scéim, déan teagmháil le Val Ballance nó Regina O’Shea. Má tá aon cheisteanna agat a bhaineann go sonrach le foirmeacha ealaíne, cuir ríomhphost chuig an bhfoireann ábhartha. Tá na sonraí teagmhála ar fad ar leathanach Teagmhálacha shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Tá Ceardlanna Réamhiarratais á reáchtáil ag Lucht Féachana na nEalaíon atá dírithe ar aon eagraíocht nó duine aonair atá ag smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair atá ag teacht aníos. Clúdófar ceisteanna faoi spriocanna lucht féachana/éisteachta a leagan amach, an chaoi le Tuaisceart Éireann a chuimsiú i gcamchuairt agus slí le feiceáil an bhfuil tú ullamh le hiarratas a dhéanamh an babhta seo sna ceardlanna seo. Reáchtálfar dhá cheardlann in Highlanes Gallery, Droichead Átha Dé Luain an 10 Samhain agus i mBaile Átha Cliath Dé Máirt an 11 Samhain. Cliceáil anseo le clárú do Dhroichead Átha agus anseo le clárú do Bhaile Átha Cliath. Tá na ceardlanna seo dírithe orthu siúd a bhfuil iarratas déanta acu cheana, agus/nó a rinne camchuairt cheana, mar aon leo siúd a bhfuil iarratas á dhéanamh acu den chéad uair. Osclaíonn an tréimhse iarratas ar an 4 Samhain, agus bheifí ag súil go mbeadh do smaointe le haghaidh camchuairte curtha le chéile faoi sin agus go mbeidh tú ag ullmhú le hiarratas mionsonraithe a dhéanamh. Tá an cheardlann ar fáil d’iarrthóirí a bhfuil a gcuid smaointe forbartha acu le cuidiú leo le réimsí ar leith agus chun ceisteanna a fhreagairt.