Woman in the machine – Visual, Ceatharlach. Ón 4ú Meitheamh
Nochtar Woman In The Machine, atá comhchruthaithe ag VISUAL agus Féile Ealaíon Cheatharlach, trí scannán, taispeántais, oibreacha fuaime, suiteáin solais, imeachtaí digiteacha dúchasacha, spás taispeántais fhíorúil 360, léiriúcháin, cainteanna agus tionscadail rannpháirtíochta pobail. Cruthaíodh é mar fhreagra ar láithreán a d’úsáid Braun tráth, atá mar chomhartha talún i gCeatharlach anois, agus in ómós don scannán faoi réadóirí mná in Sisters With Transistors le Lisa Rovner, agus na mná ag obair san áit a dtagann an ealaín, an eolaíocht agus na meáin dhigiteacha le chéile.
Tá Woman in the Machine mar chuid de Chlár Samhraidh VISUAL Fhéile Ealaíon Cheatharlach 2021 agus cuirfear Brightening Air | Coiscéim Coiligh, i láthair mar chuid den séasúr deich lá d’eispéiris ealaíon, a chuirfidh an Chomhairle Ealaíon ar fáil.
Tá saothair le feiceáil i mBailiúchán na Comhairle Ealaíon ó Lucy Andrews / Rhona Byrne / Maria Farrington / Niamh McCann / Maria McKinney / Helen McMahon / Margaret O'Brien / Fiona Reilly / Lorraine Tuck
Sculptors at Work - Gailearaí & Stiúideo F.E.McWilliam, Droichead na Banna. Ag oscailt i mí na Bealtaine
Nuair a ghlac Anne-Katrin Purkiss grianghraf de F.E. McWilliam i Londain in 1989, ní raibh a fhios ag ceachtar díobh go mbeadh an íomhá sin, níos mó ná 30 bliain níos déanaí, ar crochadh i músaem tiomanta don dealbhóir ina áit bhreithe, Droichead na Banna, Contae an Dúin. Sna blianta ó casadh ar a chéile iad go hámharach, tá grianghraif glactha ag Anne-Katrin Purkiss de dhosaenacha de dhealbhóirí, go minic ina stiúideonna. Áirítear rogha de 40 de na portráidí seo in Sculptors at Work. Tá roinnt díobh, amhail Elisabeth Frink, páirteach i ngníomh fisiciúil an déanaimh. Is cosúil go bhfuil roinnt eile, lena n-áirítear an t-ealaíontóir Éireannach Eva Rothschild, ag fanacht go foighneach go mbeidh an próiseas críochnaithe le gur féidir leo dul ar ais ag obair. Léiríonn na healaíontóirí a áirítear sa bhailiúchán éagsúlacht na dealbhóireachta comhaimseartha, nach bhfuil teoranta a thuilleadh ag ábhair, buaine, inscne nó eitneachas. Taispeánfar rogha saothar le healaíontóirí lena n-áirítear Elizabeth Frink, Kenneth Armitage, Tim Shaw, Eva Rothschild, Geoffrey Clarke agus Rana Begum, ar iasacht ó bhailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha, taobh le portráidí a chuireann i gcuimhne dúinn go bhfuil bunús na n-íomhánna seo á gcruthú faoi láthair.
Beidh an saothar ealaíne Trophy le Eva Rothschild ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon le feiceáil.
Agitation Co-op – Temple Bar Gallery & Studio 11 Bealtaine – 10 Iúil 2021
Taispeántas is ea Agitation Co-op ag Temple Bar Gallery + Studios (Dánlann agus Stiúideonna Bharra an Teampaill) ina bhfiosraítear ábhar an tírdhreacha ó réimse peirspictíochtaí; ní hamháin idé-eolaíochtaí sóisialta agus polaitiúla ach, mapáil agus topagrafaíocht freisin. Áirítear saothair ealaíne sa taispeántas le Michele Horrigan, Catriona Leahy, Laurie Robins, agus Libita Sibungu. Tá clár taispeántais ar líne ina theannta ina dtarraingítear aird ar scannáin le Forensic Architecture, Melanie Smith agus Eva Richardson McCrea, Frank Sweeney agus Dublin Dockworkers Preservation Society.
Beidh an saothar ealaíne Made Ground ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon le Eva Richardson McCrea, Frank Sweeney agus Dublin Dockworkers Preservation Society le feiceáil.
Léirítear sna taispeántais seo ceann de phríomhthosaíochtaí na Comhairle Ealaíon maidir le tacú rannpháirtíocht an phobail leis na healaíona, mar atá leagtha amach ina straitéis deich mbliana – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon a Threorú.
Sna blianta beaga seo amach romhainn, tá Bailiúchán na Comhairle Ealaíon tiomanta dá chlár taispeántas, iasachtaí agus comhpháirtíochtaí a leathnú a thuilleadh atá dírithe ar lucht féachana ar fud na tíre a éascú chun sult a bhaint as na saothair iad féin agus dul i ngleic leo.