Baboró Féile Ealaíon Idirnáisiúnta do Leanaí glaoch ar do Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hEalaíne
Ráiteas Misin Baboró:
Páistí a spreagadh chun a bheith páirteach sa domhan trína n-eispéireas ar na healaíona.
Príomhfhéile ealaíon idirnáisiúnta na hÉireann í Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Baboró do Pháistí faoi choinne páistí agus a dteaghlach amháin. Eagraítear rogha éagsúil sárimeachtaí as Éirinn agus as gach cearn den domhan le linn na Féile, rud a thugann deis do theaghlaigh blas a fháil de chuid den amharclannaíocht, den damhsa, den cheol, den phuipéadóireacht, den litríocht agus de na físealaíona is fearr agus is spreagúla dá bhfuil ann. Sa bhliain 2014, táimid ag ceiliúradh 18 mbliana de chur i láthair féile ealaíon ildisciplíneach do na mílte páiste in Éirinn ónár gceanncheathrú i nGaillimh.
Táimid sa tóir ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ealaíne an fómhar seo a bhfuil fís aige nó aici do Baboró sa todhchaí. Ní mór don duine sin a bheith uaillmhianach agus fuinniúil. Cuirfidh an duine sin le dea-chlú Baboró ach ceannaireacht straitéiseach, fís ealaíonta shoiléir agus bainistíocht thacúil a thabhairt. Ina theannta sin, beidh tuiscint chuimsitheach ag an té a cheapfar ar riachtanais an dea-rialachais don eagraíocht seo.
Táimid ag lorg duine réamhghníomhach dícheallach ag a bhfuil taithí ar thiomsú airgid agus ar fhorbairt laistigh d’earnáil na nEalaíon agus a bhfuil sé cruthaithe aige nó aici go bhfuil sé nó sí in ann straitéisí rathúla fáis a sholáthar.
Is mian linn Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ealaíne a earcú ag a bhfuil sárscileanna cumarsáide a spreagfaidh an fhoireann agus an dúrud páirtithe leasmhara, lena n-áirítear tuismitheoirí agus múinteoirí, ealaíontóirí, comhpháirtithe, lucht tacaíochta, deontóirí, oibrithe deonacha agus tacadóirí polaitiúla.
Tá an post seo dírithe ar dhuine a chreideann i gcumhacht chlaochlaitheach na n-ealaíon i saol na bpáistí agus a thabharfaidh guth don chumhacht sin mar thacadóir go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon.
Ba chóir d’iarrthóirí ar suim leo cur isteach ar an bpost teagmháil a dhéanamh le admin@baboro.ie le haghaidh pacáiste faisnéise.
Is é 4pm, an 5 Nollaig 2014 an spriocdháta d’iarratais:
Fostóir comhionannas deiseanna is ea Baboró.