Seisiúin Faisnéise na Comhairle Ealaíon ar Dhínit agus Ómós ag an Obair
Óstálfaidh an Chomhairle Ealaíon sraith seisiúin faisnéise d’ionadaithe eagraíochtaí ealaíon in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ar Dhínit agus Ómós ag an Obair. D’fhostaigh an Chomhairle seirbhísí Graphite HRM chun na seisiúin sin a éascú. Forbróidh Graphite ábhair acmhainní freisin a bheidh in úsáid ag eagraíochtaí ealaíon agus a bheidh ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon i ndiaidh na seisiún.
Beidh na seisiúin ar siúl in ionaid réigiúnacha i mBaile Átha Luain, i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, agus i Sligeach. Logáil isteach ar Eventbrite[NASC ANSEO] chun áit a chur in áirithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig dignityatwork@artscouncil.ie
|