Mí an Mheithimh atá ann cheana féin, tá fad ar an tráthnóna, agus i ngach áit in Éirinn tá féilte an tsamhraidh ag cur iontais orainn, á mealladh agus ag cur áthais orainn cheana féin.
Tá ról uathúil na bhféilte á aithint ag an gComhairle Ealaíon le fada. Ó thaobh beartais de, féachaimid ar fhéilte mar cheann de na himeachtaí lárnacha ina gcruthaítear agus ina gcuirtear na healaíona ar fáil agus chun iad a chur i láthair lucht féachana mór ilghnéitheach. Cuireann siad deiseanna ar fáil d'ealaíontóirí le go mbeidh siad in ann a gcleachtas a fhorbairt. Is minic a chuirtear na healaíona i láthair ar bhealaí úra dúshlánacha, agus i spásanna traidisiúnta ealaíon agus i spásanna nach mbaineann leis na healaíona araon.
An rud is iontaí faoi fhéilte, áfach, is ea go bhfuil gach ceann uathúil, agus go léirítear iontu an oiread sin faoina gceantar agus go gcruthaíonn siad an bhraistint gurb ann duit i bpobal. Tá a fhios againn ón taighde go gcreideann 78 faoin gcéad de dhaoine in Éirinn go gcabhraíonn na healaíona áitiúla le gach contae nó réigiún a aitheantas sainiúil a fháil, an t-ómós áite speisialta sin. Is iad na féilte bun agus barr na staitistice sin.
Mar sin, molaim go láidir duit an séasúr seo tacú le d’fhéile áitiúil agus taitneamh a bhaint aisti, agus an oiread féilte eile agus is féidir leat. Ar na meáin shóisialta, leagfaidh an Chomhairle Ealaíon béim speisialta ar fhéilte an samhradh seo, leis an haischlib speisialta #FéilteAbú agus tá fáilte roimh gach duine a bheith páirteach chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair ar fud na tíre le focail, pictiúir agus físeáin.
I nuacht eile, tá ceithre thaispeántas ar leith ina bhfuil saothar ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ar siúl an mhí seo – sonraí le fáil anseo -- bí ann más féidir leat.
Le gach dea-mhéin,

Orlaith McBride
Stiúrthóir