An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair i gcomhair camchuairteanna a bheidh ag tosú idir Iúil agus Nollaig 2018 / An Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair, Réamhphleanáil 2019
Tabharfar tacaíocht do Chamchuairteanna in 2018 agus in 2019 tríd an Scéim Camchuairte agus Scaipthe Saothair agus trí na scéimeanna maoiniúcháin bliantúla, Maoiniú Straitéiseach agus Maoiniú Ionad. Má tá tú ag smaoineamh ar iarratas a ullmhú faoi choinne an an dáta deiridh 11 Eanáir 2018, ná déan dearmad go bhfuil Meabhrán Tuisceana ag teastáil le haghaidh gach dáta ar an gcamchuairt agus go dtógann sé roinnt mhaith ama chun iad sin a shocrú. Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais agus ar threoirlínte ó lár mhí na Nollag 2017 ar aghaidh trí Sheirbhísí ar Líne. Más mian leat plé a dhéanamh ar iarratas féideartha ar an Scéim Camchuairte, téigh i dteagmháil le Val Ballance ag val.ballance@artscouncil.ie.
|