Spriocdháta: Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
 |
Dírítear i gCeangal na nEalaíon agus an Mhíchumais ar ealaíontóirí aonair faoi mhíchumas agus tá dámhachtainí ann i gcomhair Saothar Nua, Meantóireachta agus Oiliúna. Tugann an scéim deis d’ealaíontóirí an méid seo a leanas a dhéanamh: ceangal le cleachtóirí nó le hionaid eile; a gcleachtas a athrú; ‘céim chun cinn’ a thógáil ó thaobh scóipe agus scála de; lucht leanúna nua a aimsiú; agus dul i mbun meantóireachta agus oiliúna. Beidh fáil ar fhoirmeacha iarratais agus ar threoirlínte do Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais 2017 lena n-íoslódáil ó www.adiarts.ie/connect Déardaoin, an 16 Márta. Spriocdháta do Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais: Déardaoin, an 4 Bealtaine 2017 ar 4 pm Óstálfaidh Arts & Disability Ireland sraith clinicí faisnéise go náisiúnta, agus fógrófar láithreacha agus dáta na gclinicí go gairid. Má bhíonn aon cheisteanna ginearálta agat faoi na dámhachtainí, déan teagmháil le: amie@adiarts.ie/ 01 8509002
Tá Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á bhainistiú ag Arts & Disability Ireland.
 |
|