Is cúis áthais dom a insint daoibh gur foilsíodh ár mbeartas um luach saothair chothrom d’ealaíontóirí, Luach Saothair don Ealaíontóir, agus go bhfuil ár bhfeachtas chun an tsaincheist a choinneáil i mbéal an phobail faoi lán seoil anois.
Tá an tsaincheist seo an-tábhachtach, agus tá sé práinneach freisin. Tá an cultúr a bhaineann le gan dóthain a íoc le healaíontóirí nó gan iad a íoc as a gcuid oibre ar chor ar bith, nó an nós a bhaineann le hiarraidh ar chleachtóirí oibriú ‘ar son na poiblíochta’ amháin fós ann sa bhliain 2020. Níl aon dabht go bhfuil sé seo éagórach ar ealaíontóirí agus tromchúiseach do na healaíona, ach déanfar dochar fadtéarmach dár sochaí dá bharr freisin. Nuair atá ealaíontóirí rathúla, fiú amháin, ag maireachtáil lena leithéid d’éiginnteacht airgeadais ní féidir leo pleanáil le haghaidh gnáthshaol a bheith acu in Éirinn, beidh ar líon suntasach díobh éirí as an gcleachtas agus slí bheatha a aimsiú i réimse eile, agus ní bheimis ná na glúnta amach anseo in ann taitneamh a bhaint as na saothair a chruthaigh siad.
Mar sin, ná bí cúthaileach – bí bródúil – agus glac páirt inár bhfeachtas ar na meáin shóisialta agus i ngach áit eile, agus #PayTheArtist.
Tá meabhrúchán i nuachtlitir na míosa seo chomh maith go bhfuil an spriocdháta dár gclár iontach ‘Scoileanna Ildánacha’ ag druidim linn agus nach nglacfar le hiarratais i ndiaidh an 19 Márta. Ciallaíonn sé seo gur cheart do thuismitheoirí nó múinteoirí dul chuig ár suíomh gréasáin láithreach bonn, clárú agus iarratas a dhéanamh in am más maith leo go mbeadh a scoil ar cheann den 150 scoil a roghnófar chun tosú ar an gclár i Meán Fómhair!
Tá Scoileanna Ildánacha á reáchtáil ag an gComhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus tá ag éirí go hiontach leis. Tá sé mar aidhm aige na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár saol leanaí agus daoine óga, agus molaim go hard na spéire é.
Le gach dea-ghuí,

Martin O’Sullivan
Stiúrthóir Gníomhach