Tá WESTIVAL ag lorg STIÚRTHÓIR FÉILE. Buaiteoir Dhámhachtana Féilte na hÉireann 2019 don ‘Fhéile Bheag is Fearr’.
Tá foireann ghairmiúil dhaingean tógtha ag WESTIVAL le tacaíocht ó bhord uaillmhianach agus pobal rannpháirteach. Tá an STIÚRTHÓIR FÉILE freagrach as an gclár foriomlán cruthaitheach, bainistíocht, airgeadas agus riarachán agus as sláinte oibriúcháin an cheiliúrtha bhliantúil bhunaithe seo ar na healaíona i gCathair na Mart.
Léigh a thuilleadh >>
PAINÉAL TEAGASCÓIRÍ CEOIL
Tá iarratais á lorg ag Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, ar son Music Generation na Mí, ar fholúntais a d’fhéadfadh a theacht chun cinn in 2020 ó cheoltóirí le speisialachas i múineadh na réimsí a leanas:
- Teagasc grúpa bhig i nguth (cór san áireamh) nó uirlis (aon seánra ceoil).
- Teagasc grúpa mhóir (guth agus/nó uirlis) i réimse comhthéacsanna scoile, pobail agus óige.
- Ensemble (uirlis/guth), éascú buíonta ceoil, meantóireacht in aon seánra ceoil lena n-áirítear, mar is cuí, cumadh amhrán/cumadóireacht chruthaitheach/rapcheol, teicneolaíocht/taifeadadh ceoil etc.
- Luathbhlianta - Teagasc gutha agus/nó uirlise do leanaí faoi bhun 5 bliana d’aois
Léigh a thuilleadh >>
Riarthóir Music Generation
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, ar son Music Generation na Mí, ag iarraidh Riarthóir (Oifigeach Cléireachais Ghrád III) a fhostú chun cabhrú leis an Oifigeach Forbartha Ceoil le heagrú, cur chun cinn agus reáchtáil laethúil Music Generation na Mí. Tá duine á lorg againn atá paiseanta faoin oideachas ceoil agus a bhfuil scileanna TF, cumarsáide agus eagraíochtúla den chéad scoth acu.
Léigh a thuilleadh >>
|
|