Beartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a fhorbairt
 |
Tá an Chomhairle Ealaíon ag oibriú chun beartas cuimsitheach ar Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht a fhorbairt le bliain anuas. Bhí an riachtanas atá orainn Beartas um Chomhionannas Inscne a chur i bhfeidhm in 2018 agus ár nDualgas san Earnáil Phoiblí níos leithne chun daoine a chosaint go réamhghníomhach ó idirdhealú i leith naoi mbunús idirdhealaithe atá cumhdaithe sa reachtaíocht – inscne, claonadh gnéis, stádas sibhialta nó teaghlaigh, creideamh, aois, míchumas, cine agus ballraíocht de Phobal an Lucht Siúil, mar bhonn eolais an bheartais seo. Bheartaigh an Chomhairle Ealaíon bunús idirdhealaithe amháin eile a chur lenár mbeartas nua, is é sin stádas socheacnamaíoch, toisc go mbíonn sé sin ina bhac mór uaireanta le teacht a fháil ar na healaíona agus páirt a ghlacadh iontu.
Rinneamar neart machnaimh le linn na bliana sin ar cé muid, cad a dhéanaimid agus conas a dhéanaimid an obair sin. Bhuaileamar le roinnt ionadaithe ó chomhlachtaí sibhialta agus ó ghrúpaí abhcóideachta ealaíon. Tharraingíomar ar na rudaí a d’fhoghlaimíomar ó chomhairliúcháin agus ó obair a rinneadh roimhe seo, lena n-áirítear roinnt dár n-eagraíochtaí maoinithe a bhfuil saineolas ar leith acu i réimsí áirithe.
Bíonn gá go mbeadh próiseas mar seo leathan agus casta agus tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do chinntiú go mbeidh aon bheartas a sheolfaimid beo agus réamhghníomhach. Cuirfear próiseas láidir comhairliúcháin, le healaíontóirí, le heagraíochtaí, le comhlachtaí agus le gníomhaireachtaí ionadaithe, i bhfeidhm le cinntiú go dtarlóidh sé sin. Deimhneoimid freisin go bhforbrófar plean feidhmiúcháin soiléir le dul leis an mbeartas deiridh nuair a fhoilseofar é go luath in 2019.
Tá sé ar intinn againn idir an dá linn an dréachtbheartas a roinnt sna seachtainí amach anseo leis na daoine ar fad a chaith a gcuid ama go flaithiúil linn ag roinnt a léargais ar an scéal agus le príomhpháirtithe leasmhara eile chomh maith. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a chuidigh linn go dtí seo agus táimid ag súil go leanfar leis an bplé oscailte agus macánta seo le daoine in 2019.
 |
|