Beidh Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann ag dul ar an mbóthar arís le DEATH AND THE MAIDEN agus í ag teacht chuig Ardeaglais Mhuire, Luimneach Dé Céadaoin, 16 Bealtaine tráth a bhfuil ceiliúradh á dhéanamh ar 850 bliain na hArdeaglaise. Rachaidh Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann siar ó Luimneach ansin agus tabharfaidh sí aghaidh ar Chultúrlann Sweeney, Cill Chaoi, Co. an Chláir Déardaoin, 17 Bealtaine. Beidh Séipéal Bhaile Uí Fhiacháin i Maigh Eo ag ceiliúradh céad bliain ar an bhfód nuair a thabharfaidh Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann cuairt air Dé hAoine, 18 Bealtaine agus ansin tabharfaidh sí cuairt ar an Garage Theatre, Muineachán Dé Sathairn, 19 Bealtaine.
Tá an cheolfhoireann rímháistreach, nuálach agus cruthaitheach agus tá sí ar thús cadhnaíochta maidir leis an gcur chuige comhoibríoch a úsáideann sí agus tá caidreamh maith aici le réimse leathan comhpháirtithe cruthaitheacha. Faoi stiúir Katherine Hunka, tá an cheolfhoireann ar cheann de na ensembles is gnóthaí ó thaobh camchuairte de in Éirinn, ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Bain taitneamh as galántacht na cúirte barócaí le Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann. Ba é spleodar rithimeach agus soiléireacht armónach Vivaldi a bhí mar inspioráid do Bach dá shuimiúchán ar an mbarócachas. Chuir Vivaldi leis an gcáil a bhí air mar an Sagart Rua le L'Estro Armonico, Op. 3, bailiúchán de 12 choinséartó veidhlín den chéad scoth. Cuirfidh Katherine Hunka, Diane Daly, André Swanepoel, Cliodhna Ryan (Veidhlín) agus Christian Elliott (Dordveidhil) a Choinséartó do cheithre veidhlín agus dordveidhil i D mór i láthair. Idirghníomhaíonn na ceoltóirí aonair le chéile go héifeachtach anseo agus na téamaí ag athrú go réidh ó uirlis go huirlis. Tá beocht i saothar Vivaldi agus cuirfidh an fuinneamh atá ann gliondar croí ar an lucht éisteachta.
Tá an-tóir agus an-chion ar an gCoinséartó do dhá Veidhlín in D beag nó Coinséartó ollveidhlín le Bach. Agus Katherine Hunka agus Nicola Sweeney ó Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann ag dul i gcomhar, thuigfeá cén fáth a bhfuil sé ar cheann de shárshaothair Bach. Is í an ghluaiseacht mhall atá ann buaicphointe séiseach a shaothar ar fad.
Tá Death and the Maiden de chuid Schubert ar cheann de na saothair is fearr a rinne sé agus tá sé lárnach ina repertoire. Is saothar mothúchánach rómánsúil drámatúil é a scríobhadh faoi scáil an bháis. Cuireann cóiriú Mahler den cheolfhoireann théadach leis an ngné dhrámatúil den cheol a bhí ina ráiteas láidir ó Schubert.
Ag féachaint ar ábhar nua dúinn freisin, léiríonn seinnteoir olldoird Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann Malachy Robinson na scileanna cumadóireachta atá aige ina shaothar nua cineamatach Dream of the Green Men, a bhfuair sé inspioráid dó ó The Fairy Queen de chuid Purcell.
Ná caill Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann i Luimneach; Cill Chaoi, an Clár; Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo agus Muineachán an 16–19 Bealtaine. Tá ticéid ar fáil ar www.irishchamberorchestra.com
Tá Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann lonnaithe i nDámh Chruinne Éireann: Rince agus Ceol in Ollscoil Luimnigh. Maoiníonn an Chomhairle Ealaíon í.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le charlotte.eglington@ul.ie.