Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile
Is é cuspóir na Dámhachtana d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile tacaíocht a thabhairt do scata ealaíontóirí tréitheacha san uile dhisciplín ag pointe luath ach ríthábhachtach ina ngairm.
Is é an spriocdháta don dámhachtain seo 5:30 p.m. Déardaoin 20 Meitheamh 2021. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt 20 Aibreán 2021 ar aghaidh.
Tá an Dámhachtain d’Ealaíontóirí na Chéad Ghlúine Eile ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:
- Ailtireacht
- Rannpháirtíocht sna hEalaíona
- Sorcas
- Damhsa
- Scannán
- Litríocht (Béarla & Gaeilge)
- Ceol
- Ceoldrámaíocht
- Na hEalaíona Sráide
- Seónna
- Amharclannaíocht
- Na hEalaíona Traidisiúnta
- Na hAmharc-ealaíona
- Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Foilseofar treoirlínte maidir leis an dámhachtain seo sa rannán ar ár suíomh Gréasáin dar teideal maoiniú atá ar fáil.
|