In 2018, tá ríméad ar glór i gcomhar le hOifig Ealaíon an Chláir Turais rialta Threoraithe do Dhaoine le Néaltrú a thabhairt isteach le dul le clár amharc-ealaíon ghlór.
Fuair glór inspioráid ón gclár Azure atá ar siúl i láthair na huaire in IMMA, in Butler Gallery agus in ionaid eile ar fud na tíre, agus tairgfidh sé turais taispeántais threoraithe a dearadh go sonrach chun tacú le daoine atá ag maireachtáil le néaltrú agus a dteaghlaigh, cairde nó cúramóirí gairmiúla, chun a bheith ag gabháil do shaothar ealaíne ar taispeáint agus sult a bhaint as eispéireas gailearaí sóisialta.
Tríd an gclár, beidh deis ag daoine féachaint níos géire ar ealaín, i dtimpeallacht chineálta, chairdiúil agus shóisialta, agus na píosaí a phlé fad is a bheidh siad ag ól braon tae, caife le cúpla briosca, agus a gcuid tuairimí a thabhairt gan aon bhreithiúnas. Déantar iniúchadh sa chlár seo ar an gcaoi ar féidir le daoine le riochtaí a bhaineann le néaltrú ar nós ghalar Alzheimer, agus leis na daoine a thugann aire dóibh, a bheith níos rannpháirtí i bhforais chultúrtha agus an chaoi ar féidir leo a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cultúrtha.
Déanfaidh an t-ealaíontóir amharclannaíochta Eleanor Feely éascaíocht ar na turais, ina gcuimseofar comhrá gearr tosaigh, agus plé ar rogha bheag saothar ealaíne díobh siúd atá crochta i ngailearaí glór. Tabharfaidh Eleanor faisnéis chúlra faoi na healaíontóirí agus na saothair ealaíne agus beidh neart ama ag gach duine féachaint ar na saothair ar taispeáint ar a sáimhín só. Mairfidh gach turas thart ar 40 nóiméad agus beidh cupán tae, caife agus cúpla briosca le fáil i gcaifé glór ag an deireadh.
Is ealaíontóir amharclannaíochta í Eleanor Feely a úsáideann gnéithe láidre de spreagadh amhairc agus fuaime ina saothar. Tá sí mar ealaíontóir cónaithe i socrú cúraim in Inis. Ón am ar bhog sí go Contae an Chláir tá cúpla tionscadal idirdhisciplíneach cruthaithe aici bunaithe ar shaothair ealaíne lena n-áirítear Memoria, ar an gcoincheap maidir le ham, agus At The Still Point of the Turning World', píosa a coimisiúnaíodh go sonrach le haghaidh Fhéile na Bealtaine.
Conas páirt a ghlacadh ann
Is féidir leat a bheith páirteach sa chlár ach teacht chuig ceann dár dturais thiomnaithe. Beidh an chéad cheann de na turais sin ar siúl Dé Céadaoin, 14 Márta ó 11am. Is é an taispeántas atá ar siúl faoi láthair i ngailearaí glór Modern Ruins and Other Stories, taispeántas grianghrafadóireachta le Kenneth O’Halloran.
Tabharfaidh Modern Ruins and Other Stories sracfhéachaint ar an saol faoin tuath i gContae an Chláir, a thabharfaidh sonraí faoi phríomhimeachtaí i dtimthriall an tsaoil. Beidh saothar sa taispeántas freisin ó shraith cháiliúil O’Halloran, Handball Alley Series, mar aon le saothar ó Tales from the Promised Land – sraith chorraitheach íomhánna ina dtugtar cuntas ar chliseadh an tionscail foirgníochta in Éirinn agus an tírdhreach nua a fágadh ina dhiaidh.
Cuirfear cathaoireacha ar fáil ar fud an ghailearaí, agus tá ardán agus rochtain ann do chathaoireacha rothaí. Cuirfear deireadh leis an turas le tae, caife agus brioscaí (roghnach) saor in aisce sa chaifé ar an láthair.
Dá mba mhaith leatsa a bheith páirteach sna turais rialta sin, déan teagmháil le do thoil le Sinéad Cahill ar 065 6845370 nó gallery@glor.ie