Tá iarratais á lorg ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Chill Dara agus Chill Mhantáin, an Longfoirt agus na hIarmhí, Lú agus na Mí agus ag Bord Oideachais agus Oiliúna Thiobraid Árann don phost mar Oifigeach Forbartha Music Generation
Uimhir Thagartha Poist:
- MG 19.20.01 (Ciarraí)
- KMG 01/2019 (Cill Dara)
- 197/18 (An Longfort)
- C111 (An Mhí)
- 47 (Tiobraid Árann)
Ceapfaidh gach bord oideachais agus oiliúna Oifigeach Forbartha Music Generation a bheidh freagrach as clár oideachais fairsing um thaibhiú ceoil a bhainistiú thar ceann na Comhpháirtíochta Oideachais Ceoil áitiúil i ngach contae.
Roghnaíodh na cúig chontae seo le déanaí le bheith páirteach in Music Generation – Clár Oideachais Ceoil Náisiúnta na hÉireann, atá á chómhaoiniú ag U2, ag The Ireland Funds, ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus ag Comhpháirtíochtaí Oideachais Ceoil Áitiúla.
Conradh ar théarma seasta, cúig bliana (€46,771 – €57,157)
Tá foirm iarratais, tuairisc ar an bpost, sonraíocht faoin bpearsa, agus sonraí eile ar fáil ar líne ar –
Is é an dáta deiridh a ghlacfar le foirmeacha iarratais comhlánaithe: 12 meán lae, Déardaoin, 6 Meitheamh 2019
Ní ghlacfar le hiarratais nach bhfuil comhlánaithe go hiomlán agus/ná le hiarratais dhéanacha.
Bunaithe ar an líon iarratas a fhaightear, d’fhéadfaí gearrliostú a dhéanamh. Déanfar gearrliostú bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar an bhfoirm iarratais. Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí na n-iarrthóirí, d’fhéadfadh tairseacha an ghearrliostaithe a bheith i bhfad níos airde ná na caighdeáin bhunúsacha arna leagan amach.
Is fostóirí comhdheiseanna iad Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Chill Dara agus Chill Mhantáin, an Longfoirt agus na hIarmhí, Lú agus na Mí agus Thiobraid Árann.