Clár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin: gairm tograí i gcomhair Coimisiún Ealaíne Poiblí sa Cheol Traidisiúnta
 |
Spriocdháta le hiarratas a chur isteach: Déardaoin, an 2 Samhain @ 5.00 p.m. Is deis é seo le haghaidh coimisiúin faoi chéatadán ar son na healaíne i réimse an cheoil thraidisiúnta ag díriú ar shaothar nua a chruthú. Tá fáilte roimh dhaoine aonair nó comhoibrithe iarratas a dhéanamh. Cuirfidh na coimisinéirí fáilte freisin roimh chleachtóirí i gceol traidisiúnta na hÉireann a bhíonn ag comhoibriú le cleachtóirí i bhfoirmeacha eile den ealaín thraidisiúnta (e.g. damhsa, scéalaíocht). Is é €18,000, agus gach rud san áireamh ansin, buiséad an choimisiúin. Éascóidh Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin seisiún eolais d’iarratasóirí ionchasacha in dlr LexIcon, le hionchur ón gComhairle Ealaíon. Beidh sé sin ar siúl Dé Máirt, an 17 Deireadh Fómhair ag a 6.00 p.m. in dlr LexIcon, Dún Laoghaire. Chun áit a chur in áirithe, cuir ríomhphost chuig arts@dlrcoco.ie agus cuir ‘seisiún eolais faoin gcoimisiún i gceol traidisiúnta’ mar ábhar ar an ríomhphost.
Tuilleadh eolais: anseo
 |
|