Tá duine cumasach á lorg ag Sorcas Pobail na Gaillimhe chun forbairt na cuideachta a leagan amach agus a stiúradh agus tógáil ar na deiseanna iontacha atá ar na bacáin againn.
Is post nua laistigh den chuideachta é post an Bhainisteora Ginearálta agus deis don té a cheapfar sa phost a chuid smaointe nua cruthaitheacha a chur ag obair d’fhonn todhchaí inbhuanaithe a fhorbairt don eagraíocht. Seo post lánaimseartha i gcuideachta chruthaitheach ghnóthach, agus táimid ar lorg duine fuinniúil a bhfuil fonn air/uirthi oibriú laistigh d’eagraíocht atá ag fás de réir mar a ullmhaímid do bhliain na Gaillimhe mar Phríomhchathair Cultúir na hEorpa 2020. Is ról leathan é, ar féidir cur leis, agus athróidh sé de réir a chéile. Beidh an t-iarrthóir rathúil ag obair i ndlúthchomhar leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Cruthaitheach, agus tairgfear oiliúint agus forbairt dó/di más gá.
Cé Muide
Is é Sorcas Pobail na Gaillimhe eagraíocht shuaitheanta na hÉireann i gcomhair sorcais don óige agus sorcas sóisialta, atá suite i gcroílár Chathair na Gaillimhe agus sainchúram áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta air. Is é ár misean cumas pearsanta agus cruthaitheach an duine a nochtadh agus cuimsiú sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga trí na healaíona sorcais. Trínár gcláir cheannródaíocha agus trínár léiriúcháin bhreátha, tá sé cruthaithe ag Sorcas Pobail na Gaillimhe go bhfuil sé in ann a bheith mar chliabhán ag scoth na healaíne agus na nuálaíochta oideachais in Éirinn, ag obair le breis is 500 duine óg ó chúlraí éagsúla gach seachtain.
Seo tréimhse iontach le dul ag obair le Sorcas Pobail na Gaillimhe toisc go bhfuilimid ag iniúchadh samhlacha nuálacha nua den rannpháirtíocht chruthaitheach agus muid ar a ndícheall ag forbairt sorcais óige agus shóisialta in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Táimid ag léiriú ceann de na tograí a bheidh mar chrann taca ag Clár Phríomhchathair Cultúir na hEorpa 2020 Wires Crossed – a Balancing Act for Europe. Seo tionscadal Eorpach ar an mórscála ina gcuirtear folláine mheabhrach agus fhisiceach chun cinn agus comhtháthú an phobail trí aclaíocht mheabhrach (siúl ar shreang rite). Tugann an tionscadal seo deis dúinn oidhreacht mhór a chruthú do na daoine óga i nGaillimh, in Éirinn agus san Eoraip.
Maidir leis an Ról
Táimid ar thóir duine fuinniúil spreagtha chun oibriú linn mar Bhainisteoir Ginearálta chun cuidiú linn ár bPlean Straitéiseach 2018-2020 nua-fhoilsithe a chur i bhfeidhm agus rannchuidiú le heagraíocht bhisiúil a bhfuil pleananna uaillmhianacha aici do na blianta seo romhainn.
Mar Bhainisteoir Ginearálta ar Shorcas Pobail na Gaillimhe, beidh tú i do bhall tábhachtach dár bhfoireann. Cuirfidh do chuid oibre feabhas mór ar an eagraíocht, trí chobhsaíocht a chruthú trí chórais agus struchtúir, agus sin rud atá lárnach chun cur ar chumas Sorcas Pobail na Gaillimhe a chuspóirí uaillmhianacha a bhaint amach. Seo deis i ndáiríre do dhuine éigin ord agus eagar a chur ar an eagraíocht agus é sin a dhéanamh ar bhealach a oibríonn i dtimpeallacht chomhoibritheach agus chruthaitheach.
Is cuideachta óg, fhuinniúil muid atá ag fás agus tá foireann fhuinniúil, spreagtha agus oilte againn áit ina n-oibríonn daoine go crua ach bíonn spraoi acu freisin, agus iad ag fás agus ag forbairt. Is ról ceannasach straitéiseach é an ról in earnáil atá ag fás, a thairgeann deis don duine cuí an earnáil agus an eagraíocht a mhúnlú sa chéad chéim eile dár bhforbairt.
TUAIRISC AR AN BPOST
Oibreoidh an Bainisteoir Ginearálta i ndlúthchomhar leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin Cruthaitheach agus le foireann Shorcas Pobail na Gaillimhe ar sheachadadh éifeachtach fhís ealaíne Shorcas Pobail na Gaillimhe agus fhorbairt eagraíochta straitéisí de réir an Phlean Straitéisigh 2018-2020. Beidh an Bainisteoir Ginearálta i gceannas ar chobhsú na heagraíochta fad is atá sí ag fás agus ag forbairt – ag obair i ndlúthchomhar leis an Stiúrthóir go háirithe i réimsí a bhaineann le cumas agus inbhuanaitheacht na heagraíochta chomh maith le réimsí freagrachta lánroghnaí. Déanfaidh an Bainisteoir Ginearálta maoirsiú ar riarachán, airgeadas, comhlíonadh, foirne, an chumarsáid go léir taobh istigh den eagraíocht agus roinnt cumarsáide seachtraí.
Cliceáil anseo chun cur síos iomlán a fháil ar an bpost
Maidir Leatsa
- Tá tú paiseanta agus tiomanta do luachanna, chuspóirí agus don fhís atá ag Sorcas Pobail na Gaillimhe
- Is ball foirne fuinniúil dearfach thú le sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta
- Tá tú in ann fadhbanna a réiteach agus pleananna a chur i bhfeidhm
- Tá sárscileanna eagraíochtúla, riaracháin, TF agus bainistíochta tionscadal agat – is breá leat rudaí a chur in ord agus tarlaíonn rudaí timpeall ort go tapa éifeachtúil
- Tá cumas láidir ceannaireachta agat agus an cumas foireann a spreagadh agus a bhainistiú
- Tá tú in ann oibriú faoi bhrú, agus tosaíochtaí a leagan síos idir éilimh a bhíonn i gcoimhlint lena chéile agus bíonn aird agat i gcónaí ar na mionsonraí agus bíonn dea-ghiúmar ort i gcónaí agus bíonn tú cáiréiseach
TAITHÍ RIACHTANACH:
- Taithí 2-3 bliana ar a laghad i ról bainistíochta, riaracháin nó forbartha sna healaíona
- Taithí 2 bhliain ar a laghad i mbainistíocht airgeadais lena n-áirítear tuiscint ar shreabhadh airgid, cuntais bhainistíochta agus maoirsiú ar bhuiséid de bhreis is €500,000
- Taithí ar bhainistiú clár i dtimpeallacht chasta ar mhórán leibhéal agus taithí ar an leas is mó a bhaint as acmhainní teoranta
- Cumas cruthaithe ualach oibre trom a eagrú agus a chur in ord tosaíochta ag obair go neamhspleách agus go héifeachtach
- Taithí inléirithe ar chaidrimh éifeachtacha a fhorbairt agus a choimeád le raon leathan eagraíochtaí agus daoine aonair
TAITHÍ INMHIANAITHE:
Go hidéalach bheadh cuntas teiste ag an té a cheapfaí ar a bheith straitéiseach agus seiftiúil faoi thodhchaí cuideachta agus bheadh taithí aige i ngnéithe riaracháin agus dlíthiúla de bhainistíocht cuideachta lena n-áirítear taithí ar Acmhainní Daonna agus inniúlacht le bogearraí cuntasaíochta (Quickbooks)
Sonraí Praiticiúla
- Tuarastal: €35,000 in aghaidh na bliana
- Conradh: Conradh 3 bliana, lánaimseartha ón 1 Meán Fómhair 2018
- Uaireanta: Gnáthuaireanta ó Luan go hAoine, ach beidh air/uirthi corr-thráthnóna agus deireadh seachtaine a oibriú áit a dtairgfear Am saor in Lieu (TOIL) ach é a chomhaontú leis an Stiúrthóir
- Láthair: Oifig Shorcas Pobail na Gaillimhe, Cathair na Gaillimhe, Éire – agus beidh taisteal riachtanach ó am go ham ar fud na hÉireann, agus taisteal idirnáisiúnta ó am go ham
- Saoire: 20 lá saoire íoctha gach bliain mar aon le laethanta saoire bainc reachtúla
- Tréimhse Phromhaidh: 6 mhí
Conas iarratas a dhéanamh
Seol do CV ar ríomhphost agus beirt mholtóirí liostaithe agat (lena n-áirítear uimhreacha teileafóin agus seoltaí ríomhphoist) agus litir chumhdaigh ag cur do chuid spéise sa ról seo in iúl agus na scileanna agus an taithí a thabharfá leat chuig Sorcas Pobail na Gaillimhe. Déan tagairt dhíreach don tuairisc poist agus marcáil do ríomhphost “Iarratas ar Bhainisteoir Ginearálta”. Deimhneofar go bhfuil d’iarratas faighte le ríomhphost agus caithfear go han-rúnda le d’iarratas.
- Cuir d’iarratas isteach ar ríomhphost chuig: ulla@galwaycircus.com
- Caithfidh an t-iarratas a bheith istigh faoin: 30 Meitheamh 2018
- Beidh na hagallaimh ar siúl: 11 Iúil 2018 (an dara babhta an 16 Iúil)
Má bhíonn ceisteanna agat faoin ról déan teagmháil le ulla@galwaycircus.com
Is fostóir comhdheiseanna é Sorcas Pobail na Gaillimhe. Beidh na ceapacháin go léir ag brath ar ghrinnfhiosrúchán rathúil an Gharda Síochána.