Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon an chéad cheann de dhá bhabhta de Scéim Infheistíochta na bhFéilte (FIS) le haghaidh féilte a bheidh ar siúl idir 01 Eanáir agus 30 Meitheamh 2023.
Is é ról na Comhairle Ealaíon tacú le timpeallacht féilte ealaíon ilghnéitheacha agus éagsúla agus tacú lena forbairt, mar aon le sraith tacaíochtaí a chur ar fáil a spreagann samhlacha a bhfuil an cleachtas is fearr acu, i.e. samhlacha a mhéadaíonn deiseanna do chaidreamh leis an bpobal nó do rannpháirtíocht an phobail nó a fhorbraíonn saothar ealaíontóra/foirm ealaíne.
Tá ról ar leith ag féilte beaga agus meánmhéide maidir le healaíona a sholáthar don phobal agus le saol beoga inbhuanaithe ealaíon a fhorbairt go háitiúil; ag cur rochtain riachtanach ar fáil ar na healaíona i réimsí rannpháirtíochta ísle. I dtaca leis seo cuireann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht airgeadais ar fáil d’fhéilte beaga agus meánmhéide trí Scéim Infheistíochta na bhFéilte chun taithí ar ealaíona ardchaighdeáin a thabhairt do lucht féachana agus éisteachta. Tugtar tosaíocht freisin do chláir a chruthaíonn rannpháirtíocht na bpobal áitiúil agus atá ábhartha dóibh nó do phobail leasmhara.
Aithníonn an Chomhairle Ealaíon an éagsúlacht a bhaineann le samhlacha oibriúcháin d’fhéilte agus an éagsúlacht shaibhir de réimsí cleachtais foirm ealaíne a chuireann féilte i láthair agus an ról ríthábhachtach atá acu chun rochtain an phobail ar na healaíona a leathnú. I dtaca leis sin cuireann an Chomhairle Ealaíon fáilte roimh iarratais ó eagraíochtaí a bhíonn ag oibriú ar chláir féile bhliantúla, dhébhliantúla nó thríbhliantúla agus tacaíonn sí (tríd an dámhachtain seo) le féilte ealaíon ildisciplíneacha chomh maith leo siúd i bhfoirm ealaíne amháin.
Tá trí bhanda maoinithe ar fáil:
- Banda A: Dámhachtainí suas le €10,000
- Banda B: Dámhachtainí €10,001 – €25,000
- Banda C Dámhachtainí €25,001 – €45,000
Ní féidir le heagraíocht ach iarratas amháin sa bhliain a dhéanamh faoi Scéim Infheistíochta na bhFéilte (i.e. iarratas amháin i mbanda amháin gach bliain féilire).
Is féidir le heagraíochtaí a chuireann féilte chun cinn a bhfuil aidhm ealaíonta shoiléir acu agus a bheidh ar siúl idir an 01 Eanáir agus an 30 Meitheamh 2023 cur isteach ar Bhabhta 1 de Scéim Infheistíochta na bhFéilte.
Osclófar tréimhse na n-iarratas: 3 Bealtaine 2022
Spriocdháta d’iarratais: 2 Meitheamh 2022 ag 5.30pm
TABHAIR FAOI DEARA, LE DO THOIL
- Rinneadh athruithe ar an bhfoirm iarratais agus ar na critéir cháilitheachta i mbliana – déan cinnte go léifidh tú na treoirlínte sula ndéanfaidh tú an t-iarratas, le do thoil.
- Is scéim iomaíoch í Scéim Infheistíochta na bhFéilte a thugann tacaíocht mhaoinithe i gcomhair reáchtáil féilte ar bhonn neamh-athfhillteach.
- Is tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtugtar maoiniú faoin gclár seo ar bhonn aon uaire.
- Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí shuíomh Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon anseo.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an Rannán Ceisteanna Coitianta FIS anseonó déan teagmháil le foireann na bhféilte sa Chomhairle Ealaíon:
Regina O’Shea: regina.oshea@artscouncil.ie,
Adrian Colwell: adrian.colwell@artscouncil.ie