Spriocdháta: Dámhachtainí Sparánachta 2018
 |
Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 12 Meitheamh 2018 ar aghaidh
Tá an Dámhachtain Sparánachta ar fáil do na cineálacha ealaíne seo a leanas:
- Rannpháirtíocht sna hEalaíona
- Litríocht (Béarla)
- Litríocht (Gaeilge)
- Na hEalaíona Traidisiúnta
- Na Físealaíona
- Daoine Óga, Leanaí & Oideachas
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus ar an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as tréimhse spriocdhírithe i mbun cleachtaidh.
Tá treoirlínte maidir le gach dámhachtain foilsithe sa rannán, maoiniú atá ar fáil , ar ár suíomh Gréasáin.
Tabhair faoi deara
Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras sin roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.
|