San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir de nuachtlitir na Comhairle Ealaíon
Nuacht na míosa seo
Phelim Donlon ómós
An Straitéis Náisiúnta Óige
Déanann an Chomhairle Ealaíon comhghairdeas le Gaillimh ar a sainiú mar Chathair Scannán UNESCO.
Deontais agus Dámhachtainí
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Babhta 2 de Scéim na bhFéilte agus na nImeachtaí 2015
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 19 Feabhra 2015
Dámhachtana Deis: an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 19 Feabhra 2015
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon go mbeidh Comhaltacht Jerome Hynes á tairiscint aici do 2015/16
Clinic Faisnéise le haghaidh na Dámhachtana Sparánachta Litríochta
Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Nuacht ó Lucht Féachana na nEalaíon
Dheasc na hEorpa Cruthaithí
Nuacht Idirnáisiúnta ó Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
An Dámhachtain Coimisiún, an chéad spriocdháta eile – 5:30pm, Déardaoin, an 19 Feabhra 2015

Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Coimisiún na Comhairle Ealaíon Déardaoin, an 19 Feabhra 2015 ag 5.30pm. Féadfar iarratas a dhéanamh ó Dé Máirt, an 20 Eanáir 2015 ar aghaidh.

Tá na dámhachtainí seo a leanas le fáil:

  • An Dámhachtain Coimisiún sa Cheol
  • An Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta (lena n-áirítear ceol traidisiúnta, amhránaíocht, rince nó na healaíona béil)

Is é príomhchuspóir na dámhachtana seo ná comhpháirtíochtaí cruthaitheacha a éascú idir réimse daoine nó eagraíochtaí ar mian leo saothair a choimisiúnú agus na healaíontóirí féin. Tacaíonn an Dámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta le táillí a íoctar le healaíontóirí. Is é an toradh a chaithfidh a bheith ar an bpróiseas seo ná go scaipfear an saothar a coimisiúnófar nó go gcuirfear i láthair é in Éirinn nó thar lear.

Tá an dámhachtain oscailte do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí lena n‑áirítear ealaíontóirí, gairmithe ealaíon, ensemble, údaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí eile. Ní féidir leis an ealaíontóir atá le coimisiúnú iarratais a dhéanamh. Is é an coimisinéir amháin a dhéanann é sin.

Foilseofar Treoirlínte Dámhachtana le haghaidh an dá dhámhachtain sa rannán maoiniú atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.

Tabhair faoi deara

Ní ghlacfar le hiarratais ach amháin trí shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór don té atá ag coimisiúnú an tsaothair agus don ealaíontóir (nó do na healaíontóirí) a bheith cláraithe le suíomh na seirbhísí ar líne sula ndéanfar iarratas. Moltar d’iarratasóirí cúig lá oibre a fhágáil le haghaidh clárú roimh iarratas a dhéanamh. 

Email Software by Newsweaver