Is é an spriocdháta don chéad bhabhta eile de Dhámhachtain Sparánachta Litríochta na Comhairle Ealaíon (do scríbhneoirí atá ag obair i mBéarla) Déardaoin, an 31 Eanáir 2019 ag 5.30pm. Reáchtálfaidh an Chomhairle Ealaíon clinicí faisnéise in Éigse Éireann agus in Áras na Scríbhneoirí roimh an spriocdháta sin chun comhairle agus faisnéis faoin bpróiseas iarratais a chur ar fáil.
Reáchtálfar clinicí faisnéise ar na dátaí agus ag na hamanna seo a leanas:
Dé Céadaoin, 12 Nollaig ó 3.30pm – 5pm
Éigse Éireann, 11 Cearnóg Parnell Thoir, Baile Átha Cliath 1
Chun áit a chur in áirithe, seol RSVP chuig info@poetryireland.ie
Déardaoin, 10 Eanáir ó 6pm – 7.30pm
Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1
Úsáid an nasc a leanas chun Eventbrite a úsáid chun d’áit a chur in áirithe: https://www.eventbrite.ie/e/arts-council-literature-bursary-clinic
Clúdófar na topaicí a leanas ag na clinicí:
- Cuspóir na Dámhachtana Sparánachta Litríochta
- Cé hiad na daoine agus cad iad na tionscadail atá incháilithe
- An próiseas iarratais - seirbhísí ar líne
- An fhoirm iarratais
- Ábhar tacaíochta riachtanach
- Buiséid
- An próiseas measúnaithe
- Téarmaí agus coinníollacha
- Botúin choitianta a chaithfear a sheachaint
- Ceisteanna agus freagraí
Tuilleadh faisnéise
Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis an Dámhachtain Sparánachta Litríochta agus chun cóip de threoirlínte na dámhachtana a fháil, féach ar an rannán maidir leis an maoiniú atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Is féidir leat dul i dteagmháil leis an gComhairle Ealaíon ar 01 618 02 00 nó ar rphost awards@artscouncil.ie