Lucht Féachana na nEalaíon Nuacht
Chun nuacht Lucht Féachana na nEalaíon níos mionsonraithe a fheiceáil, tig leat ár nuachtlitir is déanaí a léamh anseo: http://artsaudiences.ie/2014/07/july-newsletter-arts-audiences/ Spriocdháta le haghaidh iarratas ar bheith páirteach i MARKETPLACE 2014. CLÁRAIGH FAOIN 4 LÚNASA D’aire tionscnóirí agus ionad! Tá cúpla lá agat fós le suim a chlárú do Marketplace 2014. Díríonn Marketplace ar na healaíona taibhiúcháin agus beidh thart ar 40 eagraíocht, a roghnófar trí phróiseas roghnúcháin agus iarratais san áireamh inti. Trí idirphlé a éascú ag an luathchéim idir ionaid agus tionscnóirí tá sé mar aidhm le MARKETPLACE creat a chur ar fáil le haghaidh ionad agus líonraí chun a riachtanais a chur in iúl i gcomhthéacs camchuairteanna agus fhreagairt an lucht féachana/éisteachta; agus le haghaidh tionscnóirí chun freagairt a thabhairt ar smaointe cláir agus iad a thástáil. Léigh tuilleadh agus íoslódáil foirm léirithe suime ag http://www.audiencesni.com/Marketplace-2014. Coinnigh an dáta saor – Comhdháil um Dhíriú ar Lucht Féachana/Éisteachta – an 9 Nollaig Tá an-áthas ar Lucht Féachana na nEalaíon an t-imeacht aon lae seo a fhógairt, a bheidh ar siúl ag an ionad comhdhála i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ina dtabharfar le chéile meascán ceardlann, léiriúchán agus seisiúin líonraithe dóibh siúd atá bainteach nó a bhfuil suim acu i lucht féachana/éisteachta do na healaíona ar fud raon foirmeacha ealaíne. Beidh incháilitheacht agus sonraí maidir leis an gclárú ar fáil níos gaire don dáta agus is féidir leat an dáta a chur le d’fhéilire trí chliceáil ar http://artsaudiences.ie/ai1ec_event/arts-audiences-conference/?instance_id=49 Tabhair cuairt orainn am ar bith ar http://artsaudiences.ie/
|