Teilifís Scoileanna Ildánacha
 |
Tá tacaíocht ar líne á forbairt ag foireann Scoileanna Ildánacha d’fhoghlaimeoirí agus dá dteaghlaigh fad is a bhíonn scoileanna dúnta.
Tabharfaidh CSTV saothar ár gComhlach Cruthaitheach díreach isteach in áiteanna cónaithe fad is a bhíonn freastal ar ár scoileanna teoranta mar gheall ar chás leanúnach COVID-19.
Gach seachtain cuirfidh Comhlach Cruthaitheach éagsúil ceacht nua i láthair ar YouTube. Fiosrófar réimse cruthaitheachta sna ceachtanna, ó ghrianghrafadóireacht, go rince, drámaíocht, ceol – ag brath ar speisialtóireacht an Chomhlaigh Chruthaithigh. Agus teastaíonn uainn go roinnfeadh leanaí agus daoine óga a gcruthaitheacht linn agus go dtaispeánfaidís dúinn céard atá foghlamtha acu ó gach ceacht. Is féidir leo a saothar cruthaitheach a roinnt le foireann Scoileanna Ildánacha trí Fhoirm Aighneachta CSTV. Gach seachtain taispeánfaimid an chruthaitheacht ar fad a tháinig as ceacht na seachtaine roimhe! Is féidir leat féachaint ar na heagráin ar fad de CSTV ar chainéal YouTube na Comhairle Ealaíon. Forbrófar tacaíochtaí breise sna seachtainí romhainn agus roinnfear ar CSTV iad.
 |
|