Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Amharc-ealaíon deis a thabhairt do choimeádaithe amharc-ealaíon taighde a dhéanamh agus a gcleachtas a fhorbairt, fad is a dhéanfaidh siad clár oibre bliana a chruthú i gcomhpháirt le heagraíocht ealaíon nó eagraíocht nach mbaineann leis na healaíona, macasamhail cuideachta, ionaid, féile, údaráis áitiúil nó eile. Ceapfaidh an coimeádaí, i gcomhar leis an eagraíocht chomhpháirtíochta, ábhar sonrach an chláir oibre.
Is é is cuspóir leis an Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Amharc-ealaíon:
- Deiseanna a chur ar fáil do choimeádaithe ar fud na tíre chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar chlár oibre a bheidh ábhartha ó thaobh a gcleachtais féin a chur chun cinn
- Deiseanna a chur ar fáil d’eagraíochtaí ealaíon agus d’eagraíochtaí nach mbaineann leis na healaíona ionas go mbainfidh siad sochar as cleachtas coimeádaíochta
- Cur chuige meáite agus bealaí nuálacha a spreagadh chun lucht féachana nua a mhealladh leis na hamharc-ealaíona comhaimseartha ardchaighdeáin ar leibhéal áitiúil/réigiúnach/náisiúnta
- Forbairt agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí amharc-ealaíon ardchaighdeáin a spreagadh laistigh de chomhthéacsanna difriúla
Cur chuige comhordaithe a spreagadh idir coimeádaithe agus eagraíochtaí. Is é €20,000 an t‑uasmhéid a dhámhfar ar gach iarratas rathúil.
Féadfar cur isteach ar an scéim ó Dé Máirt, an 8 Lúnasa 2017.
Ní mór gach iarratas a sheoladh isteach ar shuíomh gréasáin seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon. Ní ghlacfar le foirmeacha iarratais a chuirtear isteach ar an ríomhphost, ar an bpost, ná trí fhacs.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Chónaitheachta do Choimeádaí Amharc-ealaíon, téigh i dteagmháil le Jenny Walton, Oifigeach Amharc-ealaíon agus Ailtireachta ar 01 6180236 nó trí ríomhphost a chur chuig jenny.walton@artscouncil.ie