Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal de chuid na Comhairle Ealaíon – Dámhachtain Sparánachta 2016: Ealaín Chomhoibríoch agus Gníomhaíochas
 |
17 Samhain 2017: Spriocdháta do Dhámhachtain Sparánachta faoi Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2017 Tá sé mar aidhm ag Dámhachtain Sparánachta Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal 2017 de chuid na Comhairle Ealaíon tacú le healaíontóirí gairmiúla aonair atá ag obair i réimse na healaíne comhoibríche agus an ghníomhaíochais. Cuireann an Chomhairle Ealaíon an dámhachtain sparánachta €10,000 seo ar fáil mar chuid de Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal, atá á bainistiú ag Create, an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhoibríoch, thar ceann na Comhairle Ealaíon. Is é aidhm na Dámhachtana Sparánachta tacú le cleachtas ealaíon gairmiúil agus é a chothú agus tá sé dírithe go sonrach ar ealaíontóir ag a bhfuil cuntas teiste de bheith ag obair ar bhonn comhoibríoch le pobail áite nó pobail chomhspéise. Tugann an Dámhachtain Sparánachta €10,000 am agus acmhainní don ealaíontóir roghnaithe taighde a dhéanamh agus machnamh a dhéanamh ar chleachtas. Níos sonraí fós, tugann an Sparánacht deis don ealaíontóir machnamh a dhéanamh ar phríomhcheisteanna a bhaineann le healaíona agus gníomhaíochas trí úsáid a bhaint as modhanna comhoibríocha. Táthar ag súil go gcomhroinnfidh an t-iarratasóir rathúil an fhoghlaim a tharlóidh de bharr na Sparánachta leis an bpobal gníomhaíochais agus leis an earnáil ealaíon comhoibríoch níos leithne. Oibreoidh Create i gcomhpháirtíocht le Fire Station Artists’ Studios chun seisiúin eolais a thabhairt agus ar an bpróiseas roghnúcháin. Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig info@create-ireland.ie agus amharc ar www.create-ireland.ie.
Spriocdháta: 17 Samhain, 5 p.m.
 |
|