Seachtain Scoileanna Ildánacha
 |
Reáchtálfar an chéad Seachtain Scoileanna Ildánacha idir 10-14 Bealtaine 2021. Is deis a bheidh inti an saothar cruthaitheach bríomhar go léir atá ar bun ar fud na scoileanna go léir a chomhroinnt, a thaispeáint, a léiriú agus a nascadh; agus spreagadh a thabhairt dár leanaí agus dár ndaoine óga a gcuid cruthaitheachta a chur os comhair an tsaoil.
I rith na seachtaine sin, tabharfaimid cuireadh do scoileanna ó gach cearn den tír a gcuid imeachtaí ceiliúrtha féin a óstáil, chun lear mór na n-aistear cruthaitheach atá ar bun timpeall na tíre a chomhroinnt le pobal leathan. I dteannta le ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí scoileanna, beidh deis ann foghlaim faoi scoileanna rannpháirteacha, faoina gcur chuige agus faoin bhfoghlaim chruthaitheach, agus faoin bpobal níos leithne a bhfuil an scoil mar chuid de.
Beimid ag seoladh Phacaí Sheachtain na Scoileanna Ildánacha i mí Aibreáin le smaointe iontu faoin gcaoi le bheith rannpháirteach. Tuigimid gur uathúil óna chéile iad gach scoil agus táimid ag súil go mbeidh a n-ócáidí uathúil freisin! Ba mhór linn scéala a fháil ó scoileanna faoin gcaoi ina ndéanfaidh siad ceiliúradh ar an tseachtain, mar sin haischlibeáil na poist sna meáin shóisialta le #scoileannaildánacha. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig láithreán gréasáin Scoileanna Ildánacha na Comhairle Ealaíon.
 |
|