Tá ríméad ar an gComhairle Ealaíon faighteoirí Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2019 a fhógairt.
Tá deontais oiread agus €40,000 ar a mhéad á dtairiscint faoin scéim sin i dtreo costais reatha spásanna oibre amharc-ealaíontóirí.
Tá sé d’aidhm ag an scéim tacaíocht a thabhairt do spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na tíre chun an timpeallacht oibre is fearr agus is féidir a sholáthar d’amharc-ealaíontóirí agus, nuair is indéanta, leibhéal fóirdheontais a chumasú do na healaíontóirí a oibríonn sna spásanna sin.
Gheobhaidh na stiúideonna i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Maigh Eo agus Port Láirge deontais dar luach €230,000 ar an iomlán chun áiseanna agus soláthairtí riachtanacha a chothú d’amharc-ealaíontóirí.
Tabharfar maoiniú do 14 stiúideo/spás oibre ar an iomlán in 2019, lena gcuirtear saoráidí oibre ar fáil do 551 amharc-ealaíontóir ar leith.
Dámhachtain Scéim Spás Oibre na nAmharc-ealaíontóirí 2019
A4 SOUNDS Baile Átha Cliath €30,000
Artspace Studios Ltd Gaillimh €24,000
Backwater Artists Group Corcaigh €30,000
Cork Artists' Collective Ltd Corcaigh €10,000
Custom House Studios Ltd Maigh Eo €15,000
Engage Art Studios Gaillimh €17,000
Goma Gallery of Modern Art Port Láirge €5,000
Lorg Printmakers Gaillimh €4,000
MART Baile Átha Cliath €30,000
Ormond Studios Baile Átha Cliath €7,000
Over The Line Studios Corcaigh €4,000
Pallas Projects/Studios Baile Átha Cliath €22,000
Sample Studios Corcaigh €30,000
Spacecraft Luimneach €2,000