San Eagrán Seo
Feature Article
Fáilte go heagrán mhí Eanáir dár Nuachtlitir
Nuacht na míosa seo
Ceapacháin: Scríbhneoir Cónaithe/Comhaltacht le haghaidh 2022
Cuireadh chun tairisceana le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin éascaithe agus léargais
Maoiniú Sorcais, Ealaín Sráide agus Seónna i gcomhair 2022 Athbhreithniú 2022 ar Chlár Maoinithe agus Clinic Dhámhachtain Sparánachta - Déardaoin 20 Eanáir ar líne - ag 11am
Glao Oscailte ar Léiriú Spéise
Iontráil Nuachtlitir Mhí Eanáir 2022
Deontais agus Dámhachtainí
Seoladh Clár Cónaitheachta na Comhairle Ealaíon - Scéim um Thionscnaimh Chónaitheachta Idirnáisiúnta
Dámhachtain Taifeadta agus Foilsithe Deis, an chéad spriocdháta eile – 5.30 p.m., Déardaoin, an 17 Feabhra 2022
Fógra maidir le Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa 2022
Dámhachtain na Cuntaoise Constance de Markievicz
Nuacht ón bPobal
Deacrachtaí Teanga á Sárú + Uirlisí Rannpháirtíochta
AN PODCHRAOLADH THE SHAKING BOG Clár 6: GEIMHREADH 2 - Podchraoladh na Féil
Scoileanna Ildánacha
Scoileanna Ildánacha 2022
AN PODCHRAOLADH THE SHAKING BOG Clár 6: GEIMHREADH 2 - Podchraoladh na Féil

Cuireann The Shaking Bog fáilte romhat éisteacht le heipeasóid de phodchraoladh thar a bheith speisialta -  https://www.shakingbog.ie/updates/winter-2 - a bhreathnaíonn siar ar a fhéile i mhí Mheán Fómhair. Blaiseadh beag is ea é an podchraoladh, le montáis sleachta as clár na féile de na rudaí a tharla thar an deireadh seachtaine bríomhar draíochta sin. Chruinnigh grúpa breá ealaíontóirí agus nádúraithe i nGleann Crí, Contae Chill Mhantáin chun filíocht, prós, ealaín, ceol, scannáin, comhrá, ceardlanna agus rianta dúlra a roinnt lena chéile. Ceiliúradh croíúil ar an ailceimic a tharlaíonn nuair a nascann ealaín agus nádúr le chéile. Tá súil againn go léiríonn an eipeasóid seo teas, fuinneamh agus spiorad na féile.

 

Ealaíontóirí a bhí san áireamh sa Phodchraoladh Féile seo, in ord láithris: Paddy Glackin, Michael Longley, Liz Berry, Alice Oswald, Colm Mac Con Iomaire, Kerrí ní Dochartaigh, Mary Coughlan, Roddy Doyle, Dara McAnulty, Lisa Lambe, Marty Rae, John McLoughlin agus Melissa Harrison

 

Cuireann The Shaking Bog fáilte romhat chuig ár suíomh gréasáin chun tuilleadh a fháil amach faoi na healaíontóirí seo agus a saothar iontach a léamh. Más mian leat a saothar iontach a léamh, molaimid duit do leabhair a ordú ónár soláthróir oifigiúil, Bridgestreet Books, Contae Chill Mhantáin (www.bridgestreetbooks.ie) nó ó dhíoltóir neamhspleách eile.

 

Tá an podchraoladh seo á léiriú ag an bhFéile The Shaking Bog i gcomhar le Coillte Nature & Mermaid Arts Centre (Ionad Ealaíon na Maighdine Mara), le maoiniú airgeadais ón gComhairle Ealaíon. Scríofa & curtha i láthair ag Catherine Nunes, curtha in eagar ag Bjorn MacGiolla, measctha ag Steve McGrath le ceol téama a chum Ray Harmon.