Cuireann The Shaking Bog fáilte romhat éisteacht le heipeasóid de phodchraoladh thar a bheith speisialta - https://www.shakingbog.ie/updates/winter-2 - a bhreathnaíonn siar ar a fhéile i mhí Mheán Fómhair. Blaiseadh beag is ea é an podchraoladh, le montáis sleachta as clár na féile de na rudaí a tharla thar an deireadh seachtaine bríomhar draíochta sin. Chruinnigh grúpa breá ealaíontóirí agus nádúraithe i nGleann Crí, Contae Chill Mhantáin chun filíocht, prós, ealaín, ceol, scannáin, comhrá, ceardlanna agus rianta dúlra a roinnt lena chéile. Ceiliúradh croíúil ar an ailceimic a tharlaíonn nuair a nascann ealaín agus nádúr le chéile. Tá súil againn go léiríonn an eipeasóid seo teas, fuinneamh agus spiorad na féile.
Ealaíontóirí a bhí san áireamh sa Phodchraoladh Féile seo, in ord láithris: Paddy Glackin, Michael Longley, Liz Berry, Alice Oswald, Colm Mac Con Iomaire, Kerrí ní Dochartaigh, Mary Coughlan, Roddy Doyle, Dara McAnulty, Lisa Lambe, Marty Rae, John McLoughlin agus Melissa Harrison
Cuireann The Shaking Bog fáilte romhat chuig ár suíomh gréasáin chun tuilleadh a fháil amach faoi na healaíontóirí seo agus a saothar iontach a léamh. Más mian leat a saothar iontach a léamh, molaimid duit do leabhair a ordú ónár soláthróir oifigiúil, Bridgestreet Books, Contae Chill Mhantáin (www.bridgestreetbooks.ie) nó ó dhíoltóir neamhspleách eile.
Tá an podchraoladh seo á léiriú ag an bhFéile The Shaking Bog i gcomhar le Coillte Nature & Mermaid Arts Centre (Ionad Ealaíon na Maighdine Mara), le maoiniú airgeadais ón gComhairle Ealaíon. Scríofa & curtha i láthair ag Catherine Nunes, curtha in eagar ag Bjorn MacGiolla, measctha ag Steve McGrath le ceol téama a chum Ray Harmon.