Bliain an-ghnóthach a bheidh in 2020 do Dheasc na hEorpa Cruthaithí – Oifig Cultúir
le himeachtaí pleanáilte a bheidh dírithe ar Ailtireacht, na hAmharc-ealaíona, Amharclannaíocht, Inscne agus Éagsúlacht, Oidhreacht agus réimsí beartais.
Ócáid saor in aisce!
Comhdháil Féilte- Deasc Cultúir na hEorpa
Luimneach – 14 Feabhra 2020
Comhdháil ‘Change Makers’
Cumhacht ollmhór na bhféilte
Comhthéacs
Ar an 13 agus 14 Feabhra 2020 cuirfidh an Chomhairle Ealaíon, i gcomhar leis an Máistreacht in Ealaíona Féile in Ollscoil Luimnigh comhdháil ‘Change Makers’ i láthair, comhthionól de pháirtithe leasmhara fhéilte ealaíon a thiocfaidh le chéile chun machnamh agus plé a dhéanamh ar an réimse seo de chleachtas ealaíon in Éirinn. Beidh Deasc Cultúir na hEorpa Cruthaithí rannpháirteach agus ag tabhairt faisnéise ar na bealaí is féidir le féilte oibriú ar leibhéal Eorpach.
Baileoidh eagraithe féilte gairmiúla agus deonacha, ealaíontóirí, gníomhaireachtaí maoinithe, déantóirí beartas agus lucht acadúil le chéile ag an imeacht, dream a bhfuil leas dílsithe acu sa réimse seo chun cleachtais reatha a mhapáil, líonrú a dhéanamh, agus measúnú a dhéanamh ar an méid a chuireann earnáil na bhféilte le saol cultúrtha Éireann na linne seo agus mar a thacaítear le tógáil cumais na bhféilte.
Glao ar thairiscintí: Staidéar ar shláinte agus ar féinleas cumadóirí ceoil
Fochlár Cultúir
Spriocdháta - 3 Feabhra 2020 - 1 i.n. Am Lár na hEorpa
Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil
Comhthéacs
Tá sé mar aidhm leis an nglao reatha ar thairiscintí tabhairt faoi staidéar ar na rioscaí sláinte sonracha agus an imní a bhíonn ar cheoltóirí agus ar chumadóirí ceoil. Is é cuspóir ginearálta an ghlao seo sainstaidéar a sheachadadh a thabharfaidh léargas ginearálta ar na rioscaí sláinte ceirde a bhíonn os comhair ceoltóirí agus cumadóirí ceoil, agus mapáil ar fud an AE ar thionscnaimh reatha a chuidíonn chun deacrachtaí móra sláinte a bhaineann le taibhithe agus le cumadóireacht ceoil a chosc agus a chóireáil.
Tá an ghairm seo foilsithe laistigh de chomhthéacs na gníomhaíochta Ullmhúcháin “Music Moves Europe: Boosting European music diversity and talent” a bhfuil sé mar aidhm léi an cosán a leagan amach i dtreo “tacaíocht earnála don cheol” mar ghné nua don chlár, An Eoraip Chruthaitheach tar éis 2020.
Fógrófar gairmeacha freisin in 2020 le haghaidh na dámhachtana Music Moves Europe agus iPortunus dámhachtain soghluaisteachta an ealaíontóra.
Oifig Cultúir Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn Buaicphointí 2019
Bliain den scoth a bhí in 2019 in Oifig Cultúir na hÉireann de chuid Dheasc na hEorpa Cruthaithí. Téimid ó cheann ceann na tíre gach bliain, rud a rinneamar arís in 2019. D’eagraíomar imeachtaí agus ghlacamar páirt iontu, ní hamháin i mBaile Átha Cliath, ach i nGaillimh, Cill Chainnigh, Corcaigh, Port Láirge. Bhíomar páirteach i níos mó ná 14 imeacht, ar imeachtaí iad a d’eagraíomar linn féin nó i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile.
Imeacht Bricfeasta maidir le Treoir Cóipchirt AE le David Kavanagh
Bhí an t-imeacht bricfeasta saor in aisce dírithe ar údair, drámadóirí, cumadóirí, amharc-ealaíontóirí, agus taibheoirí. Chuireamar bricfeasta ar fáil agus ina dhiaidh sin bhí caint ghairid ó David Kavanagh as FSE (Cónaidhm na nDrámadóirí san Eoraip)- thug David léargas agus an scéal is déanaí ar Treoir Cóipchirt AE agus an méid atá i gceist leis go praiticiúil do dhaoine a chruthaíonn inneachar in Éirinn.
Imeacht X Pollinator i mí na Nollag - Lir Theatre, Baile Átha Cliath
Tionscnamh Forbartha Gairmiúla Trasdisciplíneach le haghaidh tallann na mban a bhí in X Pollinator.
Chuir Deasc Cultúir na hEorpa Cruthaithí cás-staidéir i láthair ag an imeacht seo ar Thionscadail rathúla de chuid Deasc na hEorpa Cruthaithí in Éirinn agus ar chláir forbartha gairmiúla inar díríodh ar chomhionannas inscne.
D’óstálamar ceardlann feidhmchlár saor in aisce i mBaile Átha Cliath sa Chomhairle Ealaíon, 70 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 ar an Aoine, 8 Samhain. Eagraíodh an cheardlann sin d’eagraíochtaí a bhí ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar an nGairm do Thionscadail Chomhoibrithe atá ar na bacáin.
Chuala lucht éisteachta agus iarratasóirí ionchais ó eagraíochtaí agus ealaíontóirí atá rannpháirteach in BeSpectACTive!. Is tionscadal é seo atá á mhaoiniú ag an Eoraip Chruthaitheach a spreagann ‘féachadóireacht ghníomhach’ trí shamhail nuálach d’fhorbairt lucht féachana. Ba dheis iontach líonraithe a bhí san imeacht freisin leis na Comhpháirtithe Eorpacha agus le heagraíochtaí a bhfuil baint acu leis an Tionscadal.
Is Seimineár Idirnáisiúnta d’Fhorbairt na Sráidealaíon é FRESH STREET a bhí ar siúl i nGaillimh i mí na Bealtaine. Bhí Bricfeasta Líonraithe Cultúir saor in aisce againn i mí na Bealtaine d’eagraíochtaí ar spéis leo a gcuid oibre a thabhairt chomh fada leis an Eoraip.
Thug deasc cultúir na hEorpa Cruthaithí seimineár saor in aisce ar mhaoiniú na hEorpa Cruthaithí do na hearnálacha ealaíon agus cultúir agus díríodh go speisialta ar an tSeoirsia. Óstáladh comhghleacaithe ó dheasc Eoraip Chruthaitheach na Seoirsia ag an imeacht agus rinne siad cur i láthair ar a dtionscadail éagsúla agus ar dheiseanna d’ealaíontóirí.
Centre for Creative Practices
An pointe teagmhála bliantúil le haghaidh ealaíontóirí imirceacha agus ealaíontóirí atá éagsúil ar bhonn cultúrtha
Thug an tIonad um Chleachtais Chruthaitheacha cuireadh dúinn a bheith rannpháirteach ina ndeara eagrán dá bPointe Teagmhála d’Ealaíontóirí Imirceach agus atá Éagsúil ar bhonn Cultúrtha. Ag an gcruinniú seo d’Ealaíontóirí Imirceach agus atá Éagsúil ar bhonn Cultúrtha, chuireamar deiseanna maoinithe ina láthair ó Dheasc chultúir na hEorpa Cruthaithí i dteannta ár gcomhghleacaithe ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Create, CFCP agus eagraíochtaí eile a thacaíonn le healaíontóirí imirceach agus atá éagsúil go cultúrtha in Éirinn.
Comhdháil na Músaem
Tá an-spéis ag deasc chultúir na hEorpa Cruthaithí in earnáil na n-amharcealaíon agus músaem mar earnáil atá an-ábhartha ó thaobh líonraí agus comhpháirtithe a chruthú le comhghleacaithe eile san Eoraip.
Bhí Deasc na hEorpa Cruthaithí rannpháirteach le deas faisnéise ag We Are All Engagers: Comhdháil na Músaem i gCorcaigh i mí na Bealtaine, 2019.